View Our Interactive Map →

An chéad chéim eile

Nuair a dhéanfar an Rogha is Fearr a roghnú, cuirfear tús le Céim 3, faoi réir nithe áirithe a fhormheas. Tá sé leagtha amach sa chlár go dtógfaidh sé sin dhá bhliain le baint amach. Is iad na táirgí insoláthartha ná an Tuarascáil Deartha, an Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, Doiciméid Reachtúla an Phróisis agus an Réamhchás Gnó. Faoi réir a fhormheasa ag an Rialtas, cuirtear an aighneacht fhoirmiúil ar phleanáil faoi bhráid an Bhoird Pleanála i gCéim 4. 

I rith phróiseas deartha Chéim 3, tá foirne an tionscadail N/M20 tiomanta ó thaobh plé a dhéanamh go réamhghníomhach le baill den phobal agus leo siúd a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu, idir thionchar díreach agus tionchar indíreach. Tógfaidh sé roinnt ama chun an próiseas deartha a chur i gcrích mar aon leis an tionchar ar thalamh agus ar réadmhaoin a shainaithint. Táimid buíoch díbh as bheith foighne linn i gcónaí agus as bheith ag obair as lámha a chéile leis an bhfoireann tionscadail.

Tabharfaidh foireann thionscadal N/M20 faoi réimse suirbhéireachtaí innealtóireachta agus timpeallachta lena gcuirfear bonn eolais faoin bpróiseas deartha. Beidh an fhoireann i dteagmháil le húinéirí talún agus réadmhaoine maidir leis na suirbhéireachtaí sin. De réir mar a dhéanfar dul chun cinn ar an dearadh le gur féidir plé a dhéanamh bunaithe ar an eolas, rachaidh foireann thionscadal N/M20 i gcomhairle go díreach leis na húinéirí talún agus réadmhaoine sin atá seans ann a dhéanfaí difear dá gcuid réadmhaoine mar gheall ar an dearadh a bheidh á fhorbairt. 

Reáchtálfar cruinnithe ar líne agus duine le duine le húinéirí talún agus réadmhaoine ach iad a shocrú roimh ré. An chúis atá leis sin ná a chinntiú go mbeidh na baill chuí den fhoireann tionscadail ar fáil agus go mbeidh siad breá réidh chun plé fiúntach a dhéanamh. 

Déanfar athbhreithniú ar an aiseolas go léir agus déanfar gach leasú a mheas sula gcuirfear na riachtanais dearaidh agus talún i gcrích. 

Figure 10