View Our Interactive Map →

Comhairliúchán

Tá rannpháirtíocht bhríoch ag teastáil lena chinntiú go gcuirtear eolas iomlán ar fáil do pháirtithe leasmhara nó dóibh siúd a bhféadfadh scéim an N/M20 dul i gcion orthu agus lena chinntiú go gcuirtear san áireamh an t‑aiseolas ríthábhachtach uathu. Cuimsítear le foireann an tionscadail Oifigigh Idirchaidrimh Tionscadail a bhíonn ar fáil chun bualadh leis an bpobal, lena n‑áirítear úinéirí talún agus páirtithe eile a rachaidh an scéim i bhfeidhm orthu, lena dtuairimí a phlé le linn an tionscadail. Reáchtálfar roinnt ócáidí Comhairliúcháin Phoiblí le linn an tionscadail, agus déanfar na hócáidí sin a fhógairt sna meáin éagsúla agus ar láithreán gréasáin an tionscadail.

Beidh an-tábhacht ar fad le do chuid tuairimí agus aiseolais agus an scéim ag dul ar aghaidh. Is féidir leis an bpobal a dtuairimí, a ndearcadh agus a gceisteanna a chur isteach chuig an bhfoireann tionscadail i rith an tionscadail.  Is féidir dul i dteagmháil leis an bhfoireann le ríomhphost, ar an bhfón, tríd an bpost, nó go pearsanta. Féach na sonraí teagmhála anseo thíos.

Déan teagmháil linn

  • Tá Oifig Thionscadal an N/M20 lonnaithe in oifigí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

    Oifig Thionscadal an N/M20,
    Teach Lios an Fháltaigh,
    Tuar an Daill,
    Luimneach,
    V94 H5RR

  • Cuirfear faisnéis ábhartha agus nuashonruithe ar an scéim ar fáil i rith an tionscadail ar láithreán gréasáin tiomnaithe an tionscadail ar www.corklimerick.ie
  • Tá cuntas ríomhphoist don tionscadal curtha ar bun, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann tionscadail ach ríomhphost a sheoladh chuig info@corklimerick.ie. Léifear gach ríomhphost agus déanfaidh an duine cuí den fhoireann tionscadail freagra a sheoladh nó faisnéis ábhartha a thaifeadadh.
  • Is é 061 973730 uimhir theileafóin oifig an tionscadail. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo freisin.