Tuairisc chun dáta maidir leis an scéim 2025
Tuairisc chun Dáta don Phobal maidir le N/M20 – Meitheamh 2025
Fáilte chuig tuairisc chun dáta don phobal Tionscadal N/M20 Corcaigh go Luimneach. Tugtar eolas mionsonraithe inti ar leagan amach agus feidhmiú an tionscadail. Tugtar tuairim ann freisin faoi na tailte ar dócha go mbeidh siad ag teastáil don tionscadal. Áirítear ansin tailte a bheidh ag teastáil ar bhonn sealadach agus ar bhonn buan.
Tá an tuairisc chun dáta seo á cur ar fáil sula gcuirfear Cás Gnó an tionscadail faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na bliana seo. Déanfar athbhreithniú rannach agus seachtrach ar an gCás Gnó, agus má ghlactar leis, cuirfear iarratas ar chead pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála (ABP) in 2026.
Ón tús ar fad, tá teagmháil ghníomhach á déanamh ag Foireann an Tionscadail le húinéirí tí, le húinéirí talún agus feirmeoirí ar feadh bhealach an mhótarbhealaigh agus le comhlachtaí reachtúla agus grúpaí sainleasa. Tá dhá cheann de thuairiscí chun dáta don phobal tugtha ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh cheana i Mí na Samhna 2023 agus i Mí an Mheithimh 2024.
Rinne Foireann an Tionscadail breis is 1,000 cruinniú duine le duine nó ar líne a reáchtáil le húinéirí talún agus maoine a bhféadfadh tionchar a bheith ag an tionscadal orthu. Sna cruinnithe sin leagadh amach na dearaí atá á bhforbairt agus na bearta maolaitheacha atá beartaithe. Tá tionchar ag an rannpháirtíocht leanúnach ar dhearadh an tionscadail iompair ilmhódaigh seo agus rinneadh na tionchair a laghdú nó a íoslaghdú a oiread agus ab fhéidir.
Beidh tuilleadh rannpháirtíochta ar bun i rith na céime seo agus ba mhaith le Foireann an Tionscadail buíochas a ghabháil leis na daoine aonair, na geallsealbhóirí agus na heagraíochtaí ionadaíocha go léir a bhí i mbun rannpháirtíochta leo.
Achoimre Ghonta ar an Tionscadal
Is tosaíocht bhonneagair ríthábhachtach sa Phlean Forbartha Náisiúnta é Tionscadal N/M20 mar chuid de Thionscadal Éire 2040 agus beidh na nithe seo a leanas i gceist leis:
- Tiocfaidh sé in áit ceann de na bóithre is contúirtí in Éirinn, agus beidh sé cúig oiread níos sábháilte ná an carrbhealach singil sin.
- Áireofar ann ceann de na Líonraí Taistil Gníomhaigh is mó in Éirinn, rud a chruthóidh roghanna siúil agus rothaíochta sábháilte agus cuimsitheacha do gach úsáideoir,
- Beidh amanna taistil níos gaire do charranna, d’fheithiclí earraí troma agus do bhusanna mar thoradh air,
- Déanfaidh sé leas suntasach don phobal, do ghnólachtaí agus don chomhshaol i mbailte agus i sráidbhailte feadh an bhealaigh trí laghdú suntasach a dhéanamh ar líon an tráchta agus ar an bplódú tráchta,
- Déanfaidh sé forbairt eacnamaíoch a éascú trí nascacht fheabhsaithe idir an dara agus an tríú cathair is mó in Éirinn agus feadh Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh,
- Spreagfaidh sé roghanna iompair inbhuanaithe trí sheacht Mol Iompair agus aon Mhol Lastais amháin a chur ar fáil feadh an bhealaigh. Déanfaidh siad sin nascacht iompair phoiblí agus taistil ghníomhaigh a sholáthair, nithe a thacaíonn le plean gníomhaíochta aeráide na hÉireann.
An Dearadh a Fhorbairt
Tá an dearadh á fhorbairt ag Foireann an Tionscadail le bliain anuas, agus tá na suirbhéanna gaolmhara atá bunaithe ar an gcomhshaol á gcur i gcrích acu anois. Tá an dearadh á fhorbairt i gcónaí agus d’fhéadfadh sé go n-athrófaí tuilleadh é de réir mar a théann Céim 3 ar aghaidh. Faoi réir a fhormheasa ag an Rialtas, cuirfear an aighneacht fhoirmiúil ar chead pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála (ABP) an bhliain seo chugainn. I measc na doiciméad beidh an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair Timpeallachta (EIAR), an Ráiteas ar Thionchar ar an Dúlra (NIS) agus an tOrdú Mótarbhealaigh (MO).
Tá nuashonrú déanta ar an léarscáil Idirghníomhach, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail,www.corklimerick.ie. Cuirtear i láthair anois ann plean innealtóireachta an dearaidh atá á fhorbairt, lena n-áirítear:
- An Teorainn Forbartha Táscach lena n-áirítear limistéir oibre sealadacha.
- Príomhlíne, Acomhail, agus Taobh-Bhóithre lena n-áirítear fánaí Oibreacha Créafóige,
- Foráil Tháscach Rochtana Éigeandála a mbeidh geataí ann agus a chuirfidh rochtain ar an mótarbhealach ar fáil do sheirbhísí éigeandála i gcás teagmhais thromchúisigh nó sa chás go ndúntar an bóthar,
- Suíomhanna struchtúr lena n-áirítear droichid thar an mbóthar, droichid faoin mbóthar, tóchair agus bealaí faoi thalamh, agus íosbhealaigh
- Taisteal Gníomhach, lena n-áirítear áiseanna don siúl, do chathaoireacha rotha agus don rothaíocht,
- Leagan Amach an Mhoil Lastais a sholáthraíonn limistéar scíthe agus áiseanna do thiománaithe Feithiclí Earraí Troma, agus na Mol Iompair a sholáthraíonn áiseanna ‘páirceála agus comhroinnte’ agus naisc leis an ngréasán bus d’úsáideoirí carranna agus d’úsáideoirí Taistil Ghníomhaigh. Beidh áiseanna luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar fáil sna moil ar fad,
- Príomhoibreacha Cóiríochta laistigh den teorainn forbartha táscach lena n-áirítear struchtúir chóiríochta féideartha agus bóithre rochtana,
- Linnte Maolaithe Draenála atá ina gcuid thábhachtach de na Córais Draenála Inbhuanaithe (SuDS) agus atá deartha chun buaicshreabh uisce stoirme a laghdú, tuilte a chosc agus uisce a chóireáil,
- Atreoruithe Cúrsa Uisce nuair a dhéantar athailíniú ar chúrsa uisce chun an tionscadal a éascú agus ar mhaithe le buntáistí comhshaoil,
- Suíomhanna na gCampún Tógála a bheidh ann mar shaoráidí sealadacha le linn chéim na tógála le hoifigí láithreáin, áiseanna leasa, páirceáil foirne agus stóras,
- Limistéir Eastóscadh Ábhar, a sholáthraíonn ábhar tógála oiriúnach trí thochailt a dhéanamh chun é a bhaint. D’fhéadfaí an láthair ónar baineadh an t-ábhar a líonadh go páirteach le hábhar breise ó áit eile ar an láthair,
- Limistéir Athúsáide Ábhar, spás oiriúnach chun ábhar breise a chur, agus
- Limistéir Feabhsúcháin Bithéagsúlachta a bhfuil sé mar aidhm acu gnáthóga fiadhúlra a chruthú nó a fheabhsú feadh an tionscadail.
Bainistíocht Éilimh
Is éard bhíonn i gceist le Bainistíocht Éilimh i dtionscadail iompair ná bearta a chur i bhfeidhm a mbíonn sé mar aidhm acu patrúin éilimh taistil a athrú. Tá réimse beart bainistíochta éilimh á chur i bhfeidhm ag tionscadal N/M20 a chabhróidh le hastaíochtaí iompair a laghdú agus a thacóidh le sláinte, sábháilteacht agus folláine daoine agus pobal feadh an chonair iompair.
Maidir leis an N20 atá dí-aicmithe, áit a laghdófar méid na tráchta air go suntasach, cuirfear na bearta éilimh seo a leanas i bhfeidhm:
- Laghdófar an teorainn luais,
- Laghdófar agus caighdeánófar trasghearradh an bhóthair,
- Tógfar áis taistil ghníomhach ar leithligh feadh an bhóthair,
- Cuirfear áiseanna trasnaithe sábháilte ar fáil d’úsáideoirí bóthair leochaileacha,
- Cuirfear stadanna bus nua ar fáil ag na seacht mol iompair, agus
- Tacófar le tionscadail réimse uirbeacha laistigh de na pobail leis an laghdú a thiocfaidh ar thrácht.
Athróidh na bearta bainistíochta éilimh seo nádúr an bhóthair ó bhóthar náisiúnta gnóthach ardluais go bóthar níos sábháilte agus níos ísle ó thaobh luais de do thurais áitiúla ina mbeidh áiseanna do gach modh iompair, lena n-áirítear siúl agus rothaíocht. Laghdóidh na bearta seo leibhéil torainn go suntasach agus feabhsóidh siad cáilíocht an aeir do na daoine agus do na pobail feadh an N20 atá dí-aicmithe. Spreagfaidh siad freisin aistriú modúil i dtreo iompair níos inbhuanaithe, rud a laghdóidh astaíochtaí iompair agus a chuirfidh buntáistí sláinte ar fáil le taisteal gníomhach.
I gcás an mhótarbhealaigh nua M20, tá na bearta bainistíochta éilimh seo a leanas á gcur i bhfeidhm:
- Rochtain theoranta ar an Mótarbhealach ag na naoi acomhal straitéiseacha,
- Soláthar seacht mol iompair agus mol lastais, agus
- Moladh maidir le dolaí gan bhacainní bunaithe ar achar, áit a n-íocann úsáideoirí bunaithe ar an achar a thaistealaíonn siad ar an M20 nua, lena n-áirítear muirir dolaí níos ísle do fheithiclí astaíochtaí nialasacha.
Cabhróidh na bearta bainistíochta éilimh seo le trácht áitiúil a dheighilt ó thrácht straitéiseach náisiúnta, rud a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht bóithre. Spreagfaidh siad roghanna iompair inbhuanaithe le háiseanna páirceála agus taistil agus páirceála agus comhroinnte ag na moil iompair. Cuirfidh an mol lasta limistéir scíthe sábháilte ar fáil do thiománaithe feithiclí troma.
I dteannta a chéile, feabhsóidh na bearta bainistíochta éilimh seo sábháilteacht, spreagfaidh siad iompar inbhuanaithe, spreagfaidh siad aistriú chuig feithiclí gan aon astaíochtaí, agus laghdóidh siad astaíochtaí iompair, rud a thacóidh le príomhghníomhartha ón bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.
Taisteal Gníomhach
Soláthróidh an tionscadal an tsaoráid taistil ghníomhaigh aonair is mó sa Stát go dtí seo ina mbeidh thart ar 100 ciliméadar de ‘shaoráid taistil ghníomhaigh chomhroinnte trasfhoirmithe (raon rothar nó rotharbhealach a chuirfear ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl, ag dul ar chathaoir rothaí agus ag rothaíocht)’, déanfaidh sé seo pobail sa Bhlarna, sa Ráth Dhubh, i Mala, i dTigh Nua an Dá Phota, i gCill na Mallach, i mBealach Átha, sa Ráth, i mBrú Rí, sa Bhánóg, i gCromadh agus i dTobar Phádraig a nascadh lena chéile. Tá fócas an tionscadail dírithe ar nascacht a fheabhsú le pobail áitiúla atá in aice leis an gconair.
Ón tuairisc chun dáta don phobal deireanach, tá na bealaí taistil ghníomhaigh feabhsaithe tuilleadh chun suíomh níos mionsonraithe a thaispeáint i ndáil leis an mbóthar in aice láimhe, agus tá naisc curtha ar fáil anois freisin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar conas a nascfaidh ‘cnámh droma’ chonair thuaidh theas an N/M20 le mórán pobal trí bhóithre áitiúla atá ann cheana féin. Tá an athrú tagtha ar théarmaíocht ‘ an Choincheapa’ a bhí ann roimhe seo anois chun an cineál sonrach saoráide taistil ghníomhaigh atá beartaithe a léiriú; saoráid úsáide comhroinnte (3 mhéadar ar leithead de ghnáth), rian rothaíochta, nó cosán le soláthar rothaíochta ar an mbóthar in aice láimhe.
Mar chuid den tionscadal N/M20, tá an méid seo a leanas beartaithe:
- 93km d’áis chomhroinnte (do gach duine bhíonn ag siúl, ag úsáid cathaoireacha rotha agus ag rothaíocht), as an 93km sin:
- Tá 65km ar líne ar leithligh ón gconair mhótarbhealaigh ach taobh leis agus comhthreomhar leis.
- Tá 28km as líne den chuid is mó feadh chonair an N20 atá ann cheana féin.
- Tá 2km de rian rothaíochta tiomnaithe, agus
- 7km de chosáin/conairí.
Beidh siúlóirí, rothaithe agus úsáideoirí soghluaisteachta eile ar na háiseanna nua seo ina meascán de chomaitéirí/daoine atá ag taisteal ar mhaithe le háisiúlacht, turasóirí agus úsáideoirí fóillíochta a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an áis taistil ghníomhaigh chomhúsáide mar chuid de bhealach ciorclach.
De ghnáth, beidh an tsaoráid suite mar a léirítear sna grafaicí thíos; bíodh sé comhthreomhar leis an Mótarbhealach nua (ar líne) nó taobh le bóthar in aice láimhe (as líne) amhail conair an N20 atá ann cheana féin (a ndéanfar dí-aicmiú air).
Fíor 1: Taisteal Gníomhach Ar Líne taobh leis an Mótarbhealach
Fíor 2: Taisteal Gníomhach As Líne taobh le bóthar (lena n-áirítear N20 dí-aicmithe)
Ar leithligh de sin, tá Bonneagar Iompair Éireann agus na húdaráis áitiúla ábhartha ag cur pleanáil agus dearadh roinnt Tionscadal Glasbhealaí chun cinn sa réigiún. Leanfaidh an tionscadal N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach ar aghaidh ag comhordú leis na Tionscadail seo maidir le forbairt na n-áiseanna taistil ghníomhaigh ar an N/M20 chun líonra comhtháite a chinntiú.
Moil Iompair
Is áiteanna iad Moil Iompair inar féidir le daoine modh taistil a athrú agus comhtháthú le taisteal gníomhach, iompar poiblí agus comhroinnt carranna. Cuirfidh na suíomhanna seo pointí luchtaithe ar fáil do charranna agus do rothair chomh maith le naisc le taisteal gníomhach agus iompar poiblí. Tá sé mar aidhm ag na moil buntáistí don phobal agus rogha taistil a chur ar fáil do chónaitheoirí.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seacht Mol Iompair a sheachadadh, leis an mbonneagar seo a leanas a bhfuiltear ag súil leis. Leagtar amach iad anseo ó dheisceart go tuaisceart:
- An Ráth Dhubh – 30 spás páirceála gluaisteán agus 20 spás páirceála rothair,
- Mainistir na Móna – 80 spás páirceála gluaisteán agus 40 spás páirceála rothair,
- Mala – 30 spás páirceála gluaisteán agus 40 spás páirceála rothair,
- Cill na Mallach – 30 spás páirceála gluaisteán agus 20 spás páirceála rothair,
- An Ráth – Suíomh athbhreithnithe i ndiaidh aiseolas ón bpobal – 80 spás páirceála gluaisteán agus 40 spás páirceála rothair,
- Brú Rí – 30 spás páirceála gluaisteán agus 20 spás páirceála rothair, agus
- Cromadh – 30 spás páirceála gluaisteán agus 20 spás páirceála rothair.
Is moil iad seo ina bhfuil réimse roghanna taistil comhroinnte ar fáil i dteannta a chéile – ina measc siúd tá, mar shampla, scéim rothair chomhroinnte, rothair leictreacha, comhroinnt carranna nó luchtú carranna leictreacha agus is féidir le daoine a bhfuil gá acu leo rochtain a fháil orthu in aon áit amháin. Cuirtear stadanna bus nua ar fáil ag gach Mol Iompair chun deiseanna páirceála agus taistil a sholáthar.
Mol Lastais Mhala
Tá an N20 ar cheann de na bealaí is gnóthaí in Éirinn do thrácht fheithiclí earraí troma. Roghnaíodh Mala mar shuíomh do mhol lastais tiomnaithe mar gheall ar a shuíomh straitéiseach laistigh de limistéar tionscadail níos leithne N/M20.
Cuirfidh sé 30 spás páirceála d’fheithiclí troma, áiseanna scíthe agus leasa do thiománaithe ar fáil. Tabharfaidh sé seo aghaidh ar ghnéithe sábháilteachta tiománaithe agus dá bhrí sin comhlíonfaidh sé ceanglais AE. Tacóidh áiseanna luchtaithe feithiclí leictreacha leis an aistriú chuig lastas leictreonach agus cuirfidh siad le cuspóirí aeráide a bhaint amach.
Agus é thart ar leath bealaigh idir príomhshuíomhanna calafoirt Fhainge agus Rinn an Scidígh (thart ar 130km óna chéile), tá buntáiste lóistíochta idéalach ag Mala, sa chaoi is go n-éascóidh sé gluaiseacht éifeachtach lastais feadh an chonair ríthábhachtach seo le naisc leis an N72 agus an N73. Cinntíonn a áireamh i dTionscadal N/M20 comhtháthú gan uaim le bonneagar atá ann cheana féin agus atá beartaithe, rud a uasmhéadaíonn nascacht agus fóntais an mhol le haghaidh iompair lastais náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Táthar ag súil go laghdóidh an tionscadal foriomlán amanna taistil ar fud an ghréasáin do thrácht lastais agus paisinéirí araon. Trí acmhainn na mbóithre a fheabhsú, ailínithe a fheabhsú, agus pointí plódaithe i mbailte agus i sráidbhailte a laghdú, déanfaidh an tionscadal amanna taistil lastais agus paisinéirí idir moil mhóra eacnamaíocha a shruthlíniú.
An Comhshaol
Tá cúrsaí comhshaoil chun tosaigh i gcónaí sa phróiseas cinnteoireachta.
Ón tuairisc chun dáta a tugadh don phobal i mí na Samhna 2024, tá an fhoireann comhshaoil i ndiaidh leanúint ar aghaidh ag tabhairt faoi raon ilghnéitheach gníomhaíochtaí a chuimsíonn suirbhéanna allamuigh, tochailtí seandálaíochta agus idirghníomhaíochtaí leis an bhfoireann dearaidh.
Fíor 3: Disciplíní Comhshaoil
Rinneadh scrúdú ar shaincheisteanna éagsúla amhail héiceolaíocht agus seandálaíocht, cáilíocht aeir agus uisce, idrigeolaíocht, gnáthóga talún agus uisceacha, athrú aeráide, i measc nithe eile.
Leanann úinéirí talún de rochtain leanúnach ar thailte a sholáthar dúinn dár suirbhéanna siúlóide comhshaoil, le haghaidh imscrúdú suímh (friotaíocht, maighnéadracht, tollphoill taiscéalacha, claiseanna trialacha, sruthchúrsaí agus suirbhéanna topagrafacha) agus do na trinsí tástála seandálaíochta a dhéanaimid.
Éiceolaíocht Uisceach agus Struchtúir Trasnaithe Uiscebhealaí
Tá réimse leathan suirbhéanna déanta ar chúrsaí uisce le cúig bliana anuas, lena n-áirítear suirbhéanna mionsonraithe éiceolaíocha agus topagrafacha insrutha chun tacú leis an bpróiseas EIAR agus, níos tábhachtaí fós, chun tacú le dearadh struchtúr buan trasnaithe sruthchúrsaí. Déanfar droichid a thógáil thar na sruthchúrsaí is íogaire, lena n-áirítear iad siúd atá i Limistéar Caomhnaithe Speisialta (SAC) nó in aice leo, ag baint úsáide as struchtúir shoiléire gan aon dochar a dhéanamh don sruth. I gcás ina mbeidh gá le tóchair, déanfar iad a dhearadh sa chaoi is nach mbeidh aon tionchar suntasach ar íogaireachtaí éiceolaíocha uisceacha (imirce éisc go háirithe) agus nach mbeidh aon tionchar suntasach ar eilimintí cáilíochta tábhachtacha faoin gCreat-treoir Uisce* (CTU) i dtéarmaí hidreolaíochta, moirfeolaíochta agus leanúnachais abhann. Tá sonraí eimpíreacha suímh-shonracha curtha ar fáil ag na suirbhéanna uiscebhealaí chun na ceanglais hidreolaíocha a bhunú do thrasbhealaí uiscebhealaí chun freastal ar riachtanais na gCreat-Threoir agus chaighdeáin deartha tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí araon.
Seandálaíocht agus Oidhreacht Ailtireachta
Go dtí seo, rinneadh measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil chun eolas a chur ar fáil don tuairisciú ar Shrianta agus ar Roghnú Roghanna don tionscadal. Rinneadh suirbhé LiDAR (Light Detection and Ranging) in 2022, ar modh é chun ‘feiceáil trí’ fhásra agus clúdach dromchla eile chun struchtúir agus gnéithe seandálaíochta a bhrath. Rinneadh roinnt suirbhéanna geoifisiceacha chun dearadh an rogha is fearr a threorú, is suirbhéanna neamh-ionracha iad seo a úsáidtear chun gnéithe faoi dhromchla a bhfuil ábhar seandálaíochta iontu a bhrath agus a mhapáil. Rinneadh tochailt tástála spriocdhírithe agus braite miotail chun eolas a chur ar fáil do mheasúnú tionchair oidhreachta cultúrtha an tionscadail atá beartaithe, chomh maith le monatóireacht seandálaíochta ar obair Imscrúduithe Láithreáin (SI) geoteicniúla atá beartaithe i suíomhanna sonracha feadh an tionscadail atá beartaithe a mheastar a bheith íogair ó thaobh na seandálaíochta de, in 2024. Chomh maith leis na suirbhéanna seo, bíonn siúlóidí allamuigh agus cigireachtaí ar siúl ar bhonn leanúnach ar fud limistéar an tionscadail. Cuirfidh na suirbhéanna agus na cigireachtaí seo, mar aon le fianaise ó dhoiciméid, léarscáileanna agus íomhánna ón aer, eolas ar fáil don mheasúnú ar an oidhreacht chultúrtha.
Agus an t-imscrúdú suímh, na hoibreacha suirbhéireachta seandálaíochta agus topagrafaíochta ag druidim chun deiridh, beidh gá le suirbhéanna spriocdhírithe neamh-ionracha breise go dtí go mbeidh céim 3 críochnaithe. Cinnteoidh an obair seo go mbeidh sonraí reatha láidre ag na foirne comhshaoil chun a mbearta maolaithe comhshaoil a fhorbairt.
Leanann Foireann an Tionscadail ag déanamh monatóireachta ar athruithe ar na ceanglais reachtaíochta, ar phróisis measúnaithe comhshaoil agus ar threoir lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, ár dtuiscint ar athrú aeráide (go háirithe a riachtanais oiriúnaithe agus maolaithe) agus an gá le bithéagsúlacht a chosaint.
Foilseofar an Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta ina hiomlán, áit a dtabharfar sonraí faoi thorthaí na suirbhéanna agus na measúnuithe seo, agus cuirfear faoi bhráid an Bhoird Pleanála í ag deireadh an phróisis deartha agus faofa.
Limistéir Feabhsúcháin Bithéagsúlachta
Agus reachtaíocht agus beartas an Rialtais, na nÚdarás Áitiúil agus Bonneagar Iompair Éireann maidir le Bithéagsúlacht á gcur san áireamh, tá an tionscadal ag cur Feabhsú na Bithéagsúlachta chun cinn go gníomhach. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an tionscadal ar an timpeallacht mar atá sé i láthair na huaire, déanfar an luach bithéagsúlachta a bhaineann le hathsholáthair agus le plandáil bhreise a uasmhéadú. Cuirfear speicis chrainn dhúchasacha, sceacha, fálta sceach, toir agus féarthailte ar na mílte acra. Áireofar leis seo feabhas a chur ar limistéir imeallacha a thabharfaidh cosaint do Scréachóga Reilige ó thuairteanna feithiclí, an meascán bithéagsúlachta sna hathruithe a dhéantar ar an tírdhreach a uasmhéadú agus féachaint ar fheabhsú limistéir in aice leis an tionscadal le tograí athphlandála cuimsitheacha chun ár limistéir athúsáide ábhar a athchóiriú.
Bainistíocht Oibreacha Talún le linn na Tógála
Mar gheall ar an tírdhreach nádúrtha sa réigiún, beidh barrachas ábhar créafóige sa deisceart agus easnamh i dtuaisceart an tionscadail mar thoradh ar an Mótarbhealach le linn na tógála.
Chun tionchar tráchta tógála ar astaíochtaí carbóin, torann agus truailliú aeir a mhaolú, cruthófar sraith limistéar athúsáide ábhar (MRAanna) agus limistéar eastósctha ábhar (MEAanna) feadh achar an tionscadail. Sa deisceart, is MRAanna a bheidh ann den chuid is mó agus MEAanna a bheidh ann den chuid is mó sa tuaisceart. Tá na suíomhanna seo suite gar don teorainn forbartha táscach agus beidh rochtain dhíreach orthu ó laistigh di.
Nuair a bheidh na hoibreacha críochnaithe, tá sé beartaithe na MRAanna agus na MEAanna a phlandáil go cúramach de réir plean tírdhreacha chun limistéir bhithéagsúlachta a chruthú.
Na Chéad Chéimeanna Eile
Tar éis an tuairisc chun dáta tionscadail seo, éascóidh Foireann an Tionscadail comhairliúchán fairsing le húinéirí maoine, talún agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile. Déanfar athbhreithniú rannach agus seachtrach ar an gCás Gnó, agus má ghlactar leis, cuirfear iarratas ar chead pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála (ABP) in 2026. De réir Threoirlínte Bonneagair an Rialtais (ar a dtugtaí an Cód Caiteachais Phoiblí roimhe seo), déantar athbhreithniú ar an gcás gnó réamhchéime trí Phróiseas Dearbhaithe Seachtraigh (EAP) sula gcuirtear faoi bhráid an Ghrúpa Chomhairligh um Thionscadail Mhóra (MPAG) é chun an togra infheistíochta poiblí mór a bhreithniú. Ansin, d’iarrfadh an Roinn Iompair toiliú an Rialtais trí cheadú an Chomh-aireachta.
Fíor 4: Céimeanna TII
Ach an cead sin a fháil ón Rialtas, chuirfeadh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, mar an t-údarás ceannais, na doiciméid reachtúla, lena n-áirítear an Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Chomhshaoil (EIAR), an Ráiteas ar Thionchar ar an Dúlra (NIS) agus an tOrdú Mótarbhealaigh (MO), faoi bhráid an Bhoird Pleanála. Chuirfeadh sé seo tús leis an bpróiseas pleanála reachtúil foirmiúil (Céim 4).
Leanfaidh Foireann an Tionscadail de bheith ag cur úinéirí maoine agus an pobal i gcoitinne ar an eolas agus muid ag dul ar aghaidh trí na chéad chéimeanna eile seo i dtreo sheachadadh an tionscadail. Gabhaimid buíochas leis an bpobal as a dtacaíocht leanúnach agus táimid ag tnúth leis an tionscadal bonneagair ríthábhachtach seo a chur i gcrích.