Tuairisc chun dáta mhí Feabhra 2023
N/M20 Corcaigh go Luimneach – Tuairisc chun Dáta don Phobal mhí Feabhra 2023
D’fhoilsigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Réiteach Iompair Roghnaithe an N/M20 i mí an Mhárta 2022, tar éis don phróiseas Roghnaithe Roghanna Céim 2 a bheith curtha i gcrích. Níl an réiteach seo teoranta do mhodh aonair iompair a bhreithniú ach cuireann sé ár n-amharc iomlánaíoch, ilmhódúil i láthair maidir le nascacht, sábháilteacht agus naisc eacnamaíocha a fheabhsú idir cathracha Chorcaí agus Luimnigh, agus sa deireadh thiar idir iad sin agus Gaillimh chomh maith.
Fíor 1.1: N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach – Ár Réiteach Iompair
Tá foireann an tionscadail ag leanúint ar aghaidh le forbairt Thionscadal an N/M20 Corcaigh go Luimneach a chur chun cinn agus tá Céim 3 – Dearadh agus Measúnú Timpeallachta á cur chun cinn acu faoi láthair.
Tar éis aiseolas fairsing a fuarthas ón bpobal agus ar bheartas aeráide, comhshaoil agus iompair atá ag síorathrú a bhreithniú, is mian le foireann an tionscadail tú a chur ar an eolas faoi na gnéithe seo a leanas:
- Soláthar de thart ar 80km de bhonneagar Taistil Ghníomhaigh le haghaidh siúlóide agus rothaíochta,
- An Straitéis Acomhal, le naoi (9) n-acomhal aitheanta,
- Soláthar Mol Soghluaisteachta ag acomhail mhóra le nasc taistil ghníomhaigh agus iompair phoiblí,
- Deiseanna chun Iompar Poiblí a fheabhsú agus aistriú chuig bus agus iarnród a spreagadh,
- Baineadh an Limistéar Eile Liath ag Bealach Átha as an limistéar staidéir, agus
- Tá Limistéar Eile Liath ag an Ráth Dhubh curtha san áireamh sa limistéar staidéir le breithniú.
1.1 Taisteal Gníomhach
Soláthróidh an tionscadal thart ar 80 ciliméadar de bhonneagar taistil ghníomhaigh bunathraithe (siúl agus rothaíocht), ag nascadh pobail Chorcaí, na Blarnan, Ghreanaí, na Rátha Duibhe, Mhala, Thigh Nua an Dá Phota, Chill na Mallach, Na Ráithe, Bhrú Rí, Bheannóige, Chromadh, Thobar Phádraig agus Luimnigh le chéile.
Agus an trácht ag aistriú go bealach nua an N20 beidh níos lú tráchta sna pobail feadh an N20 mar atá agus beidh sé níos sábháilte agus níos taitneamhaí a bheith ag siúl agus ag rothaíocht iontu. Soláthróidh an laghdú ar an méid tráchta agus ar an luas deiseanna freisin chun an réimse poiblí a fheabhsú laistigh de na pobail seo.
Idir na pobail seo tógfar cosáin chomhroinnte nua le haghaidh taisteal gníomhach ach iad a nascadh lena chéile, trí:
- Suite ar imeall chonair iompair nua an M20 ach go hiondúil i bhfad ó thrácht beo agus scartha le hoibreacha créafóige, fálta agus tírdhreachú.
- An spás bóthair atá ann cheana féin ar chodanna níos leithne de charrbhealach an N20 a ath-leithroinnt nuair a bheidh sé dí-rangaithe, sna háiteanna sin a laghdófar an leibhéal tráchta go suntasach, laghdófar teorainneacha luais agus ní bheidh guaillí crua ag teastáil a thuilleadh.
Tá bealaí táscacha agus réitigh fhéideartha don bhonneagar taistil ghníomhaigh léirithe i bhFíor 1.2 thíos.
Fíor 1.2: Bealaí táscacha agus réitigh fhéideartha don Taisteal Gníomhach
Beidh siúlóirí, rothaithe agus úsáideoirí soghluaisteachta eile ar na háiseanna nua seo ina meascán de chomaitéirí/daoine atá ag taisteal ar mhaithe le háisiúlacht, turasóirí agus úsáideoirí fóillíochta a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an líonra taistil ghníomhaigh mar chuid de bhealach ciorclach.
Ar leithligh de sin, tá Bonneagar Iompair Éireann agus na húdaráis áitiúla i Luimneach agus i gCorcaigh ag tabhairt faoi staidéir féidearthachta ar Ghlasbhealaí féideartha idir Tobar Phádraig agus An Ráth agus An Ráth agus Corcaigh faoi seach. Comhordófar toradh na staidéar féidearthachta seo le forbairt na n-áiseanna N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach chun gréasán comhtháite taistil ghníomhaigh a sholáthar. Táimid ag lorg aiseolais ó na pobail agus ó na geallsealbhóirí maidir leis an ngréasán taistil ghníomhaigh atá beartaithe.
1.2 Acomhail
Sainaithníodh láithreacha do naoi (9 no.) n-acomhal grádscartha nua a sholáthróidh nascacht le pobail na Blarnan, na Rátha Duibhe/Ghreanaí, Mhainistir na Móna, Mhala, Chill na Mallach, na Ráithe, Bhrú Rí, agus Chromadh agus a nascfaidh leis an ngréasán bóithre náisiúnta ag Áit Tí Fhlainn in aice le Tobar Phádraig mar a thaispeántar i bhFíor 1.3.
Forbraíodh an straitéis acomhal don tionscadal N/M20 ina gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh:
- ordlathas an ghréasáin reatha bóithre,
- struchtúir lonnaíochta a tógadh ó na pleananna forbartha ábhartha,
- samhaltú iompair,
- srianta comhshaoil, agus
- aiseolas ó na comhairliúcháin phoiblí go dtí seo.
Fáiltímid roimh aiseolas ó úinéirí réadmhaoine agus ó na pobail maidir leis an straitéis acomhal atá beartaithe.
Fíor 1.3: N/M20 Straitéis Acomhal
1.3 Moil Soghluaisteachta
Fíor 1.4: Coincheap na Mol Soghluaisteachta
Is gné lárnach den tionscadal é moil soghluaisteachta a sholáthar agus beidh siad suite gar do na príomh-acomhail. Cumasóidh siad naisc éifeachtacha taistil ghníomhaigh agus iompair phoiblí le pobail in aice láimhe, rud a thabharfaidh níos mó rogha taistil agus deiseanna athraithe módúil. Is iondúil go gcuimseodh na moil soghluaisteachta limistéir pháirceála shlána le haghaidh páirceáil agus taistil nó páirceáil agus comhroinn, stadanna bus agus pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, lena n-áirítear rothair, gluaisteáin, busanna agus trucailí. Tá an cumas ag na moil soghluaisteachta seo conair iompair chliste nasctha a sholáthar a nascfaidh pobail agus a spreagfaidh aistriú modha.
Fáiltímid roimh aiseolas ó na pobail agus páirtithe leasmhara eile ar na moil soghluaisteachta atá beartaithe.
1.4 Iompar Poiblí
Soláthraíonn an tionscadal N/M20 deiseanna chun feabhas a chur ar sheirbhísí iompair phoiblí idir Corcaigh agus Luimneach, lena n-áirítear bus agus iarnród. Feabhsóidh soláthar na mol soghluaisteachta nascacht le hiompar poiblí agus spreagfar aistriú chuige. Tá foireann an tionscadail i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta Iompair, agus le soláthraithe iompair eile maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí iompair phoiblí agus ar nascacht.
1.4.1 Bus
Bainfidh bealaí bus a fhreastalaíonn ar phobail idir Corcaigh agus Luimneach (m.sh. seirbhís 51 Bhus Éireann) leas as iontaofacht fheabhsaithe turais agus coinníollacha laghdaithe plódaithe i mbailte amhail An Ráth agus Cill na Mallach. Bainfidh seirbhísí gasta ar nós Citylink 251 úsáid as an gconair nua iompair le hamanna turais a bheidh feabhsaithe go mór idir na cathracha agus na haerfoirt a bhaineann leo.
Molann Plean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair seirbhísí níos minice (seirbhísí gach 30 nóiméad ar a laghad) ar an gconair réigiúnach seo (Gaillimh – Luimneach – Corcaigh) agus comhtháthú níos fearr leis na seirbhísí atá ann cheana féin.
D’fhéadfadh soláthar moil soghluaisteachta mar chuid den tionscadal N/M20 seirbhís nua bus a éascú a nascann na moil soghluaisteachta agus na mórláithreacha páirceála agus taistil sa Bhlarna in aice le Corcaigh agus an Ráithín ar an mbealach isteach go Luimneach. D’fhéadfadh an tseirbhís nua seo comhtháthú leis na scéimeanna atá molta do Bus Connects Chorcaigh agus Luimneach rud a chuirfidh ar chumas daoine taisteal ar aghaidh go dtí na cathracha.
D’fhéadfadh cuideachtaí bus eile, amhail an Nasc Tuaithe, seirbhísí a sholáthar idir bailte agus moil soghluaisteachta chun nascacht níos fearr a éascú do phobail atá ar imeall an tionscadail.
1.4.2 Iarnród
Scrúdaíodh soláthar seirbhíse iarnróid nua gan aistriú in aghaidh na huaire idir Corcaigh agus Luimneach mar chuid dár Staidéir Roghnaithe Roghanna Chéim 2.
Fíor 1.5: Traein Leictreach
Bunaithe ar na torthaí a fuaireamar, mholamar d’Iarnród Éireann go ndéanfaí a leithéid de sheirbhís nua feadh an ghréasáin iarnróid atá ann faoi láthair a mheas san Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin.
Léirigh an próiseas measúnaithe go dtarraingeofaí paisinéirí suntasacha chuig an iarnród agus go gcuirfeadh soláthar seirbhísí nua agus feabhsaithe rogha taistil níos fearr ar fáil do thurais idirchathrach.
Fíor 1.6: Seirbhís Comaitéireachta Chorcaí – An Líonra Amach Anseo
Tá Clár Iarnróid Comaitéireachta Chorcaí ar bun anois chun seirbhís 10 nóiméad a sholáthar a ritheann trí Stáisiún an Cheanntaigh, Corcaigh idir Mainistir na Corann agus Mala. Tá stáisiúin nua molta ag Staidéar Iompair Cheantar Chathair Chorcaí sa Mhóin Ard agus sa Bhlarna, agus mhol Staidéar Iompair Cheantar Cathair Luimnigh na Sionainne stáisiúin nua ag Béal Átha Síomoin agus ag an Ráithín. Tá an fhéidearthacht leis seo go dtiocfaidh athrú níos mó i dtreo an iarnróid le haghaidh taisteal idirchathrach agus comaitéireachta sa réigiún.
Feictear dúinn go mbeidh deis ann reáchtáil roinnt de na seirbhísí nua ó Mhala go Mainistir na Corann a leathnú le go mbeidh siad mar chuid den tseirbhís nua gan aistriú ó Chorcaigh–Luimneach a chruthú. D’fhéadfadh seirbhís dá leithéid freastal freisin ar athoscailt an stáisiúin iarnróid i gCill na Mallach a chuirfeadh rogha taistil níos fearr ar fáil do phobail feadh chonair an N20.
Tá Iarnród Éireann ag fanacht le cinneadh ón mBord Pleanála ar Thionscadal Chrosaire Comhréidh Líne Chorcaí a bhainfidh seacht gcrosaire comhréidh ón iarnród ó Chorcaigh go Luimneach. Feabhsóidh an tionscadal seo sábháilteacht agus éascóidh sé amanna turais iarnróid feabhsaithe. Tá Iarnród Éireann ag déanamh dul chun cinn freisin ar thionscadal nua chun acmhainn a mhéadú ar an iarnród ó Luimneach go Gabhal Luimnigh lena n-áirítear breithniú ar dhá rian a chur i gcuid den bhealach nach raibh ach aon rian amháin ann go dtí seo.
Feabhsóidh na hidirghabhálacha iarnróid thuas seirbhísí iompair phoiblí idir Corcaigh agus Luimneach agus na pobail eatarthu.
1.5 Mionchoigeartú ar an Limistéar Staidéir
Cuid bhunúsach den mheasúnú agus den fhorbairt ar ár rogha réiteach iompair is ea athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar an rogha bótharbhunaithe is fearr. Cuireadh é seo i láthair mar chonair 500m ar leithead agus taispeánadh dhá limistéar bhreise i ndath liath, a raibh breithniú breise a dhéanamh orthu i gCéim 3, ag an Taispeántas Poiblí Rogha Roghnaithe a reáchtáladh i Márta 2022.
Fíor 1.7: An Rogha Bhótharbhunaithe is Fearr
Chomh maith leis na hoibreacha suirbhéireachta comhshaoil atá á ndéanamh mar atá leagtha amach thíos, tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar aiseolas ón bpobal agus ó úinéirí maoine le linn phróiseas Chéim 2 agus Chéim 3 chun príomhréimsí a aimsiú a bhféadfadh foireann an tionscadail a fheabhsú nó a mhaolú.
Tá an foireann an tionscadail ag bailiú eolais faoi láthair ó na foirne Comhshaoil, Innealtóireachta agus Teagmhála Tionscadail chun an bealach laistigh den limistéar staidéir a léirítear i bhFíor 1.7 a shainiú.
1.5.1 Ailíniú i gCeantar na Rátha Duibhe
Tar éis measúnú breise a dhéanamh ar an rogha tosaíochta i gcomharsanacht na Rátha Duibhe agus breithniú a dhéanamh ar aiseolas ón bpobal, mhéadaigh foireann an tionscadail an limistéar staidéir ag an láthair seo chun go bhféadfaí rogha eile as líne a bhreithniú. Léirítear an limistéar staidéir méadaithe seo le limistéar liath malartach nua a chur leis atá suite idir an rogha tosaíochta a foilsíodh roimhe seo agus líne Iarnróid Bhaile Átha Cliath go Corcaigh mar a léirítear i bhFíor 1.8 thíos.
Déanfar an comhlimistéar staidéir níos mó seo a scrúdú mar chuid den phróiseas dearaidh leanúnach, agus fáiltímid roimh aiseolas ó úinéirí réadmhaoine agus ón bpobal sula ndearbhaítear an bealach is fearr ag an láthair seo.
Fíor 1.8: An Rogha Bótharbhunaithe is Fearr móide Limistéar Breise i gCóngar na Ráitha Duibhe
1.5.2 Limistéar Malartach Bhealach Átha
Chríochnaigh foireann an tionscadail measúnú comparáideach ar an limistéar liath malartach ó dheas de Bhealach Átha, mar a léirítear i bhFíor 1.9 thíos, leis an rogha tosaíochta. Dheimhnigh an measúnú gurb é an rogha tosaíochta an bealach is fearr ó thaobh ghnéithe innealtóireachta, comhshaoil agus eacnamaíocha de.
Fíor 1.9: Limistéar Malartach Liath Bhealach Átha
Fuarthas amach i measúnú sonrach a rinne iarracht úsáid an bhóthair reatha sa limistéar liath a uasmhéadú go bhfuil roinnt srianta ann a fhágann nach bhfuil athúsáid agus leathnú an N20 atá ann faoi láthair chomh inmhianaithe leis an rogha bhótharbhunaithe is fearr.
Deimhníodh le measúnú comparáideach go bhfeidhmíonn an rogha bhótharbhunaithe is fearr ar bhealach níos fearr ar na cúiseanna seo a leanas:
- Níos lú gá le bóithre cónaisc nua a thógáil ná athailíniú a dhéanamh ar thaobh-bhóithre,
- Baineann sé úsáid níos fearr as an N20 reatha chun freastal ar rochtain áitiúil agus ar shaoráidí taistil ghníomhaigh a d’fhéadfadh a bheith ann,
- Tionchar níos lú ar bhonneagar iarnróid,
- Níor ghá maoin chónaithe a fháil, agus
- Níos mó deiseanna chun aon tionchar torainn nó amhairc a d’fhéadfadh teacht chun cinn a mhaolú.
Cinntíodh, mar sin, nach bhfuiltear ag déanamh tuilleadh machnaimh ar limistéar malartach Bhealach Átha don phríomh-ailíniú agus dá bharr sin baintear amach as an limistéar staidéir é.
1.5.3 Limistéar Malartach Áit Tí Flainn
Tá an dara limistéar malartach liath a taispeánadh i mí an Mhárta 2022 ag ceann thuaidh an tionscadail ag Áit Tí Flainn fós á bhreithniú ag foireann an tionscadail. Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuirfear torthaí na n-oibreacha sin ar fáil mar chuid de thuairisc chun dáta don phobal a dhéanfar amach anseo.
Fíor 1.10: Limistéar Malartach Liath Áit Tí Flainn
1.6 Comhtháthú Comhshaoil
Ionas gur féidir tabhairt faoin rogha bhótharbhunaithe is fearr, tá foireann an tionscadail ag tabhairt faoi shuirbhéanna comhshaoil go gníomhach, lena n-áirítear monatóireacht éiceolaíochta, torainn agus cáilíochta aeir, oibreacha imscrúdaithe ar shuíomhanna oibreacha talún, agus suirbhéanna geoifisiceacha seandálaíochta.
Rinneadh staidéir bhonnlíne séasúracha ar éin, plandaí, ainmhithe agus gnáthóga éiceolaíochta le linn mhíonna an tsamhraidh 2022. Críochnaíodh réamhshuirbhé tras-sraitheanna ag príomhshuíomhanna spéise éaneolaíochta agus rinneadh áirimh ag láithreacha ainmnithe. Le comhaontú na n-úinéirí talún áitiúla cuireadh ceamaraí cosáin i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí mamaigh ag suíomhanna roghnaithe. Leagadh amach monatóirí ialtóg, a shainaithníonn minicíochtaí glaonna ialtóg agus minicíocht na gluaiseachta, i gcomhar lena chéile.
Rinneadh scrúdú allamuigh freisin ar láithreáin talún agus uisceacha laistigh de Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna). Críochnaíodh cuid mhór den mhonatóireacht seo roimh mhí na Samhna 2022.
Leagadh amach monatóirí ar cháilíocht an aeir san fhearann poiblí go rialta feadh bhealach an N20 reatha. Leanfar leis an bhfaireachán seo go dtí Earrach 2023. Tá monatóirí torainn ag láithreacha gabhdóirí príobháideacha i bhfeidhm faoi láthair ag láithreáin chomhaontaithe le cead ón úinéir agus fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí Earrach 2023.
Rinneadh clár fairsing imscrúdaithe talún i rith an tsamhraidh in 2022 agus tá an chéim seo críochnaithe anois. Áiríodh leis seo raon suntasach tollpholl taiscéalacha agus claiseanna trialacha chun cineál agus diúscairt ró-ualach agus buncharraige a chinneadh. Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach, ní hamháin maidir le cothromaíocht oibreacha talún a ullmhú don tionscadal ar fad ach chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ábhair ar an láthair a chinntiú, agus chun an méid ábhar allmhairithe agus dramhaíola a íoslaghdú. Tar éis anailíse a dhéanamh d’fhéadfadh go mbeadh tuilleadh fiosrúcháin Talún ag teastáil.
Tá tús curtha freisin le suirbhéanna geoifisiceacha (lena n-áirítear imscrúduithe friotachasachta agus maighnéadiméadrachta) ag láithreacha a d’fhéadfadh a bheith inspéise ó thaobh seandálaíochta de mar a aithníodh sa suirbhé LIDAR. Ceadóidh imscrúduithe den sórt sin cúirtealáiste láithreán a mbaineann luach cultúrtha leo a mhionchoigeartú agus saineoidh sé limistéir faoi dhromchla a bhfuil acmhainneacht seandálaíochta iontu.
Leanfaidh ár speisialtóirí comhshaoil ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar choinníollacha comhshaoil bonnlíne go dtí mí na Nollag 2023. Foilseofar Tuarascáil iomlán ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta ag deireadh Chéim 3. Soláthróidh sé seo sonraí iomlána ar thorthaí na suirbhéanna agus na measúnuithe leanúnacha.
1.7 Na Chéad Chéimeanna eile
Mar gheall ar fhorbairt leanúnach atá á déanamh ar an bpríomhlíne, na hacomhail, na moil soghluaisteachta, an bonneagar taistil ghníomhaigh, na taobh-bhóithre, na hoibreacha coimhdeacha gaolmhara, agus an mheastóireacht comhshaoil, leanfaimid orainn ag iarraidh an chonair tosaíochta 500m ar leithead agus na limistéir liatha eile atá fágtha a bhreithniú. Déanfaimid ár ndícheall leithead an limistéir staidéir a laghdú mar chuid de na tuairiscí chun dáta don phobal amach anseo. Leanfaimid le dearadh agus measúnú an tionscadail a chur chun cinn agus eiseofar nuashonruithe breise níos déanaí i mbliana ar an dul chun cinn atá déanta againn. Mar chuid den phróiseas, fáiltímid roimh gach aiseolas ó úinéirí maoine, pobail, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile.
Is mór ag foireann an tionscadail an éascaíocht a rinne úinéirí talún agus an pobal dár gcuid oibre leanúnach a éascú agus tá siad buíoch as a gcomhoibriú leis an tionscadal. Is féidir an tuairisc chun dáta nua seo agus sonraí breise faoi na heilimintí atá i mbéal forbartha a fháil ar shuíomh gréasáin ár dtionscadail www.corklimerick.ie agus is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig an tionscadail ar 061 973730 nó info@corklimerick.ie, le haghaidh tuilleadh fiosrúchán, nó chun cruinniú a shocrú le foireann idirchaidrimh an tionscadail.