Tuairisc chun dáta samhain 2023
TUAIRISC CHUN DÁTA DON PHOBAL – SAMHAIN 2023.
1.1 Réamhrá
I mí an Mhárta 2022 chuir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh críoch le próiseas Roghnaithe Roghanna Chéim 2 i láthair agus d’fhoilsigh sí Ár Réiteach Iompair. Níl an réiteach seo teoranta do mhodh aonair iompair a bhreithniú ach cuireann sé ár n-amharc iomlánaíoch, ilmhódúil i láthair maidir le nascacht, sábháilteacht agus naisc eacnamaíocha a fheabhsú idir cathracha Chorcaí agus Luimnigh, agus sa deireadh thiar idir iad sin agus Gaillimh chomh maith.
Ó foilsíodh Ár Réiteach Iompair, tá foireann an tionscadail ag cur Dearaidh agus Meastóireacht Timpeallachta chun cinn mar chuid de Chéim 3 den tionscadal. Tugadh tuairisc faisnéise poiblí chun dáta d’Ionadaithe Tofa i mí Feabhra 2023 agus foilsíodh an fhaisnéis a bhaineann leis ar shuíomh Gréasáin an tionscadail.
Míníonn an tuairisc chun dáta breise seo (a tugadh i mí na Samhna 2023) torthaí ár gcuid oibre le naoi mí anuas;
- Leithead chonair na phríomhlíne a laghdú ó 500m go 200m,
- Athbhreithniú agus measúnú ar na limistéir ghlasa malartacha ag an Ráth Dhubh agus Áit Tí Flainn,
- Na hacomhail, bóithre taoibh agus bóithre ceangail atá faoinár gcúram a fhorbairt agus an t-achar a theastaíonn dóibh a laghdú,
- Na háiseanna nua taistil ghníomhach a bheidh á gcur ar fáil againn a shainiú agus a leathnú tuilleadh ó 80km go timpeall 100km,
- Moil iompair uathúla s’againn a shainmhíniú mar phríomhtháirge insoláthartha comhtháite de chuid an tionscadail, agus
- Suirbhéanna agus monatóireacht comhshaoil a dhéanamh.
Cuid lárnach de dhul chun cinn an tionscadail is ea an rannpháirtíocht leanúnach le húinéirí talún agus le páirtithe leasmhara, a raibh an t-aiseolas a fuarthas uathu an-luachmhar, agus ba mhór againn é agus muid ag tabhairt faoi bhreithmheasanna innealtóireachta agus suirbhéanna comhshaoil. Mar chuid den tuairisc chun dáta seo don phobal, táimid ag iarraidh rannpháirtíocht agus aiseolas leanúnach ó úinéirí talún, geallsealbhóirí agus baill den phobal agus tá foirm aiseolais forbartha againn freisin le breithniú.
1.2 Mionchoigeartú ar an gConair
I mí Feabhra 2023 cuireadh an rogha chonair is fearr i láthair mar chonair 500m ar leithead le limistéir ‘liath’ breise ag Áit Tí Flainn agus An Ráth Dhubh, ina ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar an dearadh laistigh de na limistéir sin.
Tá dul chun cinn déanta ar an dearadh ó cuireadh tús le Céim 3 agus tá conair laghdaithe príomhlíne forbartha anois.
Conair na Príomhlíne
Tá conair na príomhlíne laghdaithe agus tá sé léirithe anois mar 200m ar leithead agus léirithe i ndath maigeanta. Go hiondúil bíonn an lárlíne atá beartaithe don bhóthar gar do lár na conaire seo atá 200m ar leithead, ach d’fhéadfaí mionchoigeartú a dhéanamh ar an dearadh go fóill.
Limistéir Acomhal
I mí Feabhra 2023 cuireadh straitéis acomhail an N/M20 i láthair, agus deimhníodh láithreacha acomhail sa Bhlarna, sa Ráth Dubh/i nGreanach, i Mainistir na Móna, i Mala, i gCill na Mallach, sa Ráth, i mBrú Rí agus i gCromadh agus nascann sé leis an ngréasán bóithre náisiúnta ag Áit Tí Flainn in aice le Tobar Phádraig. Tá dearadh na n-acomhal seo ag dul ar aghaidh agus anuas ar an mionchoigeartú atá déanta ar chonair na príomhlíne, tá mionchoigeartú á dhéanamh ar limistéir acomhal chomh maith. Léirítear na limistéir acomhal le gorm dorcha a chuimsíonn na ceantair ina mbeidh na hacomhail bheartaithe suite.
Conair na dTaobh-Bhóithre agus na mBóithre Ceangail
Tá forbairt na dtaobh-bhóithre agus na mbóithre ceangail ag leanúint ar aghaidh agus féadfaidh sé go mbeadh gá le hathailíniú a bheidh lasmuigh de limistéar conair laghdaithe na príomhlíne atá 200m ar leithead. Tá na conairí taobh-bhóithre agus na bóithre ceangail seo léirithe i ndath cian agus forbraíodh iad chun na limistéir le haghaidh dearaí féideartha taobh-bhóithre agus bóithre ceangail a chuimsiú.
Conair Taistil Ghníomhaigh
Cuirfear áiseanna Taistil Ghníomhaigh ar fáil feadh fhad na scéime. Soláthrófar é feadh imeall na príomhlíne a bheartaítear nó ar thaobh-bhóithre comhthreomhara laistigh de chonair laghdaithe na príomhlíne, feadh codanna den N20 reatha dí-rangaithe nó feadh codanna áirithe de bhóithre réigiúnacha nó áitiúla. Sa chás go síneann saoráidí taistil ghníomhaigh lasmuigh de chonair na príomhlíne, de na limistéir acomhail nó de na conairí taobh agus bóithre ceangail, forbraíodh conair thaistil ghníomhaigh ar leith agus cuirtear i láthair é mar chonair ghlas 40m ar leithead.
Forbrófar saoráidí taistil ghníomhaigh trí bhailte agus sráidbhailte atá lasmuigh de na conairí taistil ghníomhaigh i gcomhar leis an údarás áitiúil atá freagrach as na limistéir sin.
Conairí agus Limistéir
Maidir leis na conairí agus na limistéir a chuirtear i láthair, ní léiríonn siad an fíorleithead a theastaíonn chun an tionscadal a thógáil ná na tailte atá le ceannach, ach léiríonn siad na tailte a ndéanfar an tionscadal a fhorbairt laistigh díobh. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go mbeadh gá le limistéir bhreise chun freastal ar ghnéithe cosúil le maolú draenála agus sruthanna éalaithe draenála, moil iompair, atreorú seirbhísí, compúin láithreán sealadach agus limistéir athshlánaithe nó maolaithe gnáthóige.
Socrófar sonraí cruinne na dtailte a bheidh le ceannach de réir mar a fhorbróidh an dearadh tuilleadh le linn Chéim 3 agus cuirfear i láthair iad i dtuairiscí chun dáta don phobal in 2024.
1.2.1 An Ráth Dhubh
Tá go leor bealaí isteach agus acomhal ag freastal ar an bpobal áitiúil ar an N20 reatha a théann trí Shráidbhaile na Rátha Duibhe. Dá leanfadh ailíniú an N/M20 an N20 reatha (rogha ar líne), bheadh stráicí fada de bhóithre comhthreomhara breise ag teastáil chun freastal ar na bealaí isteach agus ar na hacomhail atá ann cheana féin, mar go mbeidh cosc ar rochtain dhíreach ar phríomhlíne bheartaithe an N/M20.
Tar éis aiseolais a fuarthas ón bpobal ina ndearnadh cur síos ar imní maidir le scaradh an phobail agus an lorg suntasach a d’fhágfadh an bonneagar ar líne a bheadh ag teastáil tríd an Ráth Dhubh, d’aithin tuairisc chun dáta mhí Feabhra 2023 na hábhair imní seo agus sainíodh limistéar staidéir méadaithe i gcomharsanacht na Rátha Duibhe. Chuir sé seo ar chumas fhoireann an tionscadail measúnú a dhéanamh ar rogha eile as líne in aice leis an líne Iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh atá siar ón Ráth Dhubh.
Dheimhnigh measúnú comparáideach ar roghanna ar líne agus as líne go bhfeidhmíonn an t-ailíniú as líne níos fearr, ar na cúiseanna seo a leanas:
- Scaradh laghdaithe do mhuintir na Rátha Duibhe,
- Baineadh de thátal as measúnú ardleibhéil comhshaoil go bhfuil níos lú éifeachtaí comhshaoil sa cheantar áitiúil ag an ailíniú as líne,
- Coinnítear an N20 reatha mar atá sé tríd an Ráth Dhubh ina iomláine agus tá an chuid is mó de na bealaí isteach agus na fodhroichid rochtana fós ann, agus
- Má bhaintear trácht straitéiseach a théann tríd an Ráth Dhubh beifear in ann an N20 reatha a dhí-aicmiú, agus cruthófar an deis spás bóthair a ath-leithdháileadh chun saoráidí taistil ghníomhaigh a chumasú a chuirfeadh le tarraingteacht agus le sábháilteacht na Rátha Duibhe.
Má ghlactar leis an rogha as líne mar chuid den chonair mhionchoigeartaithe, coimeádfar rochtain ar Scoil Náisiúnta na Rátha Duibhe agus ar an nGreanach trí bhóthar áitiúil an L2768, agus bheadh droichead nua trasna an N/M20 atá molta in aice leis an droichead iarnróid atá ann cheana féin.
Fíor 1.2: An Ráth Dhubh
1.2.2 Áit Tí Flainn
Tá Áit Tí Flainn suite ag ceann thuaidh limistéar an tionscadail. Deimhníodh sa limistéar liath malartach a áiríodh i Réiteach Iompair Mhárta 2022 agus a d’fhan sa tuairisc chun dáta don phobal i mí Feabhra 2023 go raibh sé beartaithe roghanna a scrúdú faoina ndéanfaí an dearadh a bhreithniú tuilleadh. Rinneadh na roghanna seo a iniúchadh trí thrí ailíniú a chruthú agus a bhfeidhmíocht a mheas maidir le:
Athrú aeráide (astaíochtaí carbóin),
- Tionchair ar an gcomhshaol áitiúil,
- Gnéithe innealtóireachta (oibreacha talún, struchtúir, cumas tógála), agus
- Eacnamaíocht (costas caipitil measta).
Déantar cur síos ar gach ailíniú ón taobh ó dheas go dtí an taobh ó thuaidh den limistéar agus léirítear iad i bhFíor 1.3:
Rogha 1 – Trí leas a bhaint as an rogha conaire tosaíochta, leanann Rogha 1 bealach an N20 reatha ó Baile Uí Anragáin go Baile an Fhainínigh, áit a dtéann sé ó thuaidh ansin go dtí go sroicheann sé a pointe nasctha le conair reatha an N21.
Rogha 2– Leantar bealach díreach siar ón N20 reatha ó Bhaile Uí Anragáin go dtí Áit Tí Flainn, rud a chinntíonn go leanfar le rochtain áitiúil ar thithe agus ar thailte feadh an bhóthair reatha. Ní mór an bóthar áitiúil reatha ag Áit Tí Flainn a ardú go suntasach, áit a rachadh droichead nua thar phríomhlíne an N/M20 beartaithe.
Rogha 3– Forbraíodh seo mar leagan hibrideach de Rogha 1 agus Rogha 2, leanann Rogha 3 bealach an N20 reatha, ó Bhaile Uí Anragáin go dtí an Garrán Rua áit a leanann sé an N20 reatha ó thuaidh ansin ar feadh thart ar 1.5km. Bogann sé ansin amach ó chonair an N20 siar ó thuaidh ar ais go dtí an rogha chonaire go dtí go sroicheann sé a pointe nasctha le conair reatha an N21.
Ba é conclúid an bhreithmheasa gurb í Rogha 1, a úsáideann conair na tosaíochta, an rogha is fearr a léiríonn an luach is fearr agus a bhfuil na hastaíochtaí carbóin is lú aici, dá bhrí sin tugadh Rogha 1 ar aghaidh mar chuid den phríomhchonair scagtha.
Fíor 1.3: Áit Tí Flainn
1.3 Taisteal Gníomhach
Soláthróidh an tionscadal an tsaoráid taistil ghníomhaigh aonair is mó sa Stát go dtí seo ina mbeidh thart ar 100 ciliméadar de ‘shaoráid taistil ghníomhaigh chomhroinnte trasfhoirmithe (raon rothar nó rotharbhealach a chuirfear ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl, ag dul ar chathaoir rothaí agus ag rothaíocht)’, déanfaidh sé seo pobail sa Bhlarna, sa Ráth Dhubh, i Mala, i dTigh Nua an Dá Phota, i gCill na Mallach, i mBealach Átha, sa Ráth, i mBrú Rí, sa Bhánóg, i gCromadh agus i dTobar Phádraig a nascadh lena chéile.
Agus an trácht ag aistriú go bealach nua an N/M20 beidh níos lú tráchta sna pobail feadh an N20 mar atá agus beidh sé níos sábháilte agus níos taitneamhaí a bheith ag siúl agus ag rothaíocht iontu. Soláthróidh an laghdú ar an méid tráchta agus ar an luas deiseanna freisin chun an réimse poiblí a fheabhsú laistigh de na pobail seo.
Cuirfear saoráidí taistil ghníomhaigh comhroinnte nua ar fáil idir pobail. Go ginearálta is é 3–4 mhéadar leithead an chosáin a bhfuil dromchla air ach féadfaidh sé go mbeidh gá le hé a bheith níos lú ag caolais ag pointí ar leith. Go hiondúil titfidh an áis faoi scáth ceann amháin de thrí choincheap mar a thuairiscítear thíos agus a léirítear sna grafaicí thíos:
- Coincheap A– Suite ar imeall chonair iompair nua an M20 ach go hiondúil i bhfad ó thrácht beo agus scartha le hoibreacha créafóige, fál agus tírdhreachú.
Fíor 1.4: Coincheap Taistil Ghníomhaigh A
- Coincheap B – An spáis bóthair atá ann cheana féin ar chodanna níos leithne de charrbhealach an N20 a ath-leithroinnt nuair a bheidh sé dí-rangaithe, sna háiteanna sin a laghdófar an leibhéil tráchta go suntasach, laghdófar teorainneacha luais agus ní bheidh guaillí crua ag teastáil a thuilleadh.
Fíor 1.5: Coincheap Taistil Ghníomhaigh B
- Coincheap C – Áiseanna taistil ghníomhaigh feadh na mbóithre atá ann cheana féin (bóithre réigiúnacha agus áitiúla go ginearálta). Go hiondúil bíonn na bóithre seo níos cúinge ná an N20 reatha le codanna d’fhásra dlúth agus teorainneacha cónaithe gar d’imeall an bhóthair.
Fíor 1.6: Coincheap Taistil Ghníomhaigh C
Cuirtear achoimre ardleibhéil ar na moltaí maidir le saoráidí taistil ghníomhaigh comhroinnte i láthair i Líníochtaí an Mholta um Thaisteal Gníomhach a Fhorbairt.
Beidh siúlóirí, rothaithe agus úsáideoirí soghluaisteachta eile ar na háiseanna nua seo ina meascán de chomaitéirí/daoine atá ag taisteal ar mhaithe le háisiúlacht, turasóirí agus úsáideoirí fóillíochta a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an áis taistil ghníomhaigh chomhúsáide mar chuid de bhealach ciorclach.
Ar leithligh de sin, tá Bonneagar Iompair Éireann mar aon leis na húdaráis áitiúla ábhartha ag cur pleanáil agus dearadh na nGlasbhealach ó Thobar Phádraig go dtí an Ráth agus o Dhún Garbhán go Mala chun cinn. Leanfaidh an tionscadal N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach ar aghaidh ag comhordú leis na Tionscadail Glasbhealaí seo maidir le forbairt na n-áiseanna taistil ghníomhaigh ar an N/M20 chun líonra comhtháite a chinntiú.
1.4 Moil Iompair
1.4.1 Cad is Mol Iompair ann?
Go ginearálta, is éard is ‘Mol Iompair’ ann ná aon láthair a cheadaíonn idirmhalartú idir dhá chineál iompair ar a laghad. Tugann na moil iompair N/M20 deis do dhaoine athrú go modhanna níos inbhuanaithe, le bealaí siúlóide agus rothaíochta ar fáil chun nascadh le seirbhísí iompair phoiblí. D’fhéadfadh raon áiseanna a bheith ag moil: páirceáil, scáthláin bhus, agus pointí luchtaithe rothar leictreach agus feithiclí. D’fhéadfadh moil níos mó áiseanna leasa a sholáthar amhail limistéir feithimh le seomraí scíthe. Táimid ag súil go mbainfidh daoine ar mian leo aistriú go seirbhísí bus agus iarnróid úsáid as páirceáil, agus de bheagán le haghaidh gníomhaíochtaí “páirceála agus comhroinn”.
Cé go mbíonn siad lonnaithe i gceantair uirbeacha go traidisiúnta, tá deis sainaitheanta ag foireann tionscadail an N/M20 chun líonra de ‘Mhoil Iompair’ a fhorbairt sa limistéar staidéir seo atá faoin tuatha go príomha. Chabhródh forbairt líonra dá leithéid leis na deiseanna a neartú do dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar chun leas a bhaint as seirbhísí bus, páirceáil agus comhroinn agus líonraí nua rothaíochta agus siúil.
Fíor 1.7: Ordlathas Iompair Inbhuanaithe na Mol Iompair
1.4.2 Prionsabail na Mol Iompair
Cinntíonn ceithre phríomhphrionsabal a chlúdaíonn gnéithe a bhaineann le comhtháthú iompair, an comhshaol agus sábháilteacht cur chuige iomlánaíoch, inbhuanaithe atá dírithe ar an úsáideoir i leith ár straitéise. Is iad na ceithre phrionsabal ná:
Fíor 1.8: Prionsabail na Mol Iompair
1.4.3 Cineálacha Mol Iompair
Aithníonn foireann an tionscadail go bhféadfadh na seirbhísí a chuirtear ar fáil ag gach mol iompair a bheith éagsúil trasna an limistéir staidéir. Dá réir sin, déanfar gach mol a shaincheapadh lena chinntiú go mbeidh sé de mhéid cuí agus go bhfreastalaítear air chun freastal ar na héilimh reatha agus na héilimh a mbeifear ag súil leo amach anseo ar sheirbhísí.
Fíor 1.9: Samplaí de Mhoil Iompair
Chomh maith leis na moil iompair, moltar mol lasta nó limistéar scíthe HGV freisin. Is dócha go mbeidh sé seo lonnaithe sa Ráth nó i Mala. I measc na n-áiseanna a chuirtear ar fáil bheadh áiseanna páirceála, leasa agus athbhreoslaithe (lena n-áirítear luchtú d’fheithiclí leictreacha). Chomhlíonfadh sé seo ceanglais dhoiciméid bheartais amhail Líonra Tras-Eorpach Iompair an Aontais Eorpaigh (TEN-T) agus Dréachtphlean náisiúnta na Roinne Iompair don tréimhse 2023–2030 maidir le luchtú feithiclí leictreach en-route.
Taispeántar mol lasta samplach i bhFíor 1.10, atá suite ag Plaza na Gaillimhe ar Acomhal 16 den M6, lena n-áirítear páirceáil HGV, áiseanna leasa agus athbhreoslaithe.
Fíor 1.10: Mol Lastais féideartha N/M20
Forbróidh foireann an tionscadail na Moil Iompair sna míonna atá le teacht le do chuid ionchuir ónbhfoirm aiseolais, tabharfaidh siad chun críche scála na Mol Iompair mar a oireann sé do gach láthair, agus ansin tabharfaidh siad faoi phróiseas roghnúcháin láithreáin. Cuirfear sonraí na hoibre seo i láthair sa chéad tuairisc chun dáta eile don phobal.
1.5 Iompar Poiblí
Mar réiteach iompair chomhtháite, is gné ríthábhachtach den Tionscadal N/M20 Corcaigh go Luimneach é comhtháthú a dhéanamh agus feabhas a chur ar rochtain ar na seirbhísí feabhsaithe iompair phoiblí atá ann cheana féin agus a bheidh ann amach anseo (Iarnród, Bus, agus Páirceáil & Taisteal). Táimid ag obair go dlúth le soláthraithe iompair agus le gníomhaireachtaí rialtais chun deiseanna a iniúchadh chun na córais iompair seo a chomhtháthú tuilleadh ar mhaithe le leas an phobail.
Sa chuid seo a leanas leagtar amach stádas na dtionscadal suntasach iompair phoiblí atá á gcur i bhfeidhm feadh na conaire iompair idir Corcaigh agus Luimneach, a fheabhsóidh seirbhísí d’úsáideoirí reatha agus a spreagfaidh níos mó daoine chun roghanna iompair phoiblí inbhuanaithe a úsáid. Chun tuilleadh eolais a fháil ar aon cheann de na tionscadail iompair phoiblí chuireamar naisc chuig láithreáin ghréasáin a dtionscadal, nuair is ann dóibh.
Clár Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí
Leictriú agus athchomharthaíocht ar na trí chonair iarnróid reatha i gceantar Chorcaí rud a chuireann nasc ardmhinicíochta ar fáil soir ó thuaidh tríd an gcathair (Mala trí Chorcaigh go dtí An Cóbh agus Mainistir na Corann). Ardán nua ag Stáisiún an Cheanntaigh chun éascú a dhéanamh ar mhéaduithe ar acmhainn agus ar mhinicíocht trí sheirbhísí a chur ar siúl. Rothstoc breise chun freastal ar éileamh reatha agus amach anseo. Stáisiúin nua agus pointí idirmhalartaithe Páirceála & Taistil (lena n-áirítear Stáisiún na Blarnan agus Páirceáil & Taisteal).
Tá dul chun cinn maith déanta ar dhearadh agus ar phleanáil trí shraith tionscadal atá ar leithligh ach bainteach lena chéile. Cuireadh tús le tógáil an ardáin nua ag Stáisiún an Cheanntaigh i mí Dheireadh Fómhair 2023. Le haghaidh tuilleadh eolais féachTionscadail agus Infheistíochtaí Iarnród Éireann (irishrail.ie).
Tionscadal Chrosairí Comhréidh Líne Chorcaí
D’aithin Tionscadal Chrosairí Comhréidh Comhréidh Líne Chorcaí an cur chuige is fearr chun seacht gcrosaire comhréidh atá suite ar an bpríomhlíne ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath idir stáisiúin Mhala agus Ghabhal Luimnigh a bhaint nó a uasghrádú. Tá na crosairí comhréidhe bóithre poiblí a oibrítear de láimh suite ag Cill na Mallach, Seangánach, Baile Uí Choscraigh, An Baile Nua, Bealach Átha (Contae Chorcaí), Baile Thomáis, agus Baile an Fhóntaigh (Contae Luimnigh). Laghdóidh an tionscadal próifíl riosca sábháilteachta an iarnróid agus méadóidh sé iontaofacht oibriúcháin. Tacóidh an tionscadal leis an leictriú atá beartaithe ar líne Iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, a cheadóidh amanna laghdaithe turais, costais bhreosla níos ísle agus astuithe laghdaithe carbóin.
Tá Iarnród Éireann tar éis ordú iarnróid do thionscadal Crosairí Comhréidhe Líne Chorcaí a aighniú don Bhord Pleanála, a reáchtáil Éisteacht ó Bhéal i Meán Fómhair 2022, agus táthar ag fanacht le cinneadh an Bhoird. Le haghaidh tuilleadh eolais féachTionscadail agus Infheistíochtaí Iarnród Éireann (irishrail.ie).
Luimneach go Gabhal Luimnigh: acmhainn do sheirbhísí traenach a mhéadú
Cuireann na codanna den bhealach nach bhfuil ach raon amháin iontu idir Luimneach agus Gabhal Luimnigh srian ar an acmhainn do sheirbhísí agus bíonn amanna feithimh méadaithe mar thoradh orthu ar an líne. Déanfaidh an chéad chéim den tionscadal ó Luimneach go Gabhal Luimnigh athbhreithniú ar roghanna chun cumas an bhealaigh a fheabhsú trí rianú dúbailte a sholáthar. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féachTionscadail agus Infheistíochtaí Iarnród Éireann (irishrail.ie).
Líne Lastais ó Luimneach go Faing
Osclaíodh an stráice iarnróid 42km idir Luimneach agus Faing ar dtús in 1858 ach tá sé as feidhm ó 2001 i leith. Tá an líne fós faoi mhaoirseacht Iarnród Éireann agus déanfar í a athnuachan anois chun tacú le seirbhísí lastais iarnróid a thabhairt isteach arís ar an líne. Soláthróidh an tionscadal rogha lóistíochta iontaofa, rialta agus inbhuanaithe don iliomad cuideachtaí a bhaineann úsáid as calafort Fhainge faoi láthair nó a bhainfidh úsáid as amach anseo. Cé go ndéanfar an líne iarnróid seo a athbheochan ar mhaithe le seirbhísí lastais iarnróid ar dtús, níl sé as an áireamh go dtabharfaí isteach seirbhísí paisinéirí ar an líne seo arís sa todhchaí ach é sin a bheith ag brath ar uasghráduithe bonneagair agus maoiniú breise.
Cuireadh tús le tógáil i mí Feabhra 2023 ar chéim a haon den tionscadal, a bhaineann le glanadh fásra agus an raon reatha a bhaint, ráillí nua a chur isteach, droichid agus lintéir a athshlánú, ráillí nua agus trasnáin coincréit nua a shuiteáil, agus fálú a athnuachan. Áireoidh céim a dó den tionscadal soláthar córas comharthaíochta, crosairí comhréidhe CCTV, córas cumarsáide traenach, agus naisc rianta agus uasghráduithe ag Luimneach agus Clós Fhainge. Faoi réir leithdháileadh maoinithe do chéim a dó, meastar go mbeidh an bealach oscailte do lasta in 2025. Le haghaidh tuilleadh eolais féach Tionscadail agus Infheistíochtaí Iarnród Éireann (irishrail.ie).
BusConnects Chorcaí & Luimnigh
Tá BusConnects á fhorbairt agus á bhainistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus cuimsítear ocht dtionscnamh ann: An gréasán bus a athdhearadh; Conairí bus agus lánaí rothar nua a thógáil, Córas ticéadaithe den scoth a chur i bhfeidhm; Córas íocaíochta gan airgead tirim a chur i bhfeidhm; Struchtúr táillí níos simplí; Libhré nua bus; Suímh nua Páirceáil & Taistil i suíomhanna tábhachtacha (lena n-áirítear sa Bhlarna i gCorcaigh agus sa Ráithín i Luimneach); agus Aistriú chuig flít nua bus astuithe nialasach.
Maidir le BusConnects Chorcaí, reáchtáil an NTA comhairliúchán poiblí do Líonra Busanna Chathair Chorcaí i mí an Mheithimh 2022. Is éard a bheidh i gceist leis an ngréasán nua ná bealaí nua bus a chruthú agus minicíochtaí feabhsaithe bus chun cuidiú an gréasán iompair phoiblí a athrú ó bhonn chun freastal ar an bhfás a bhfuiltear ag súil leis agus ar an éileamh amach anseo sa réigiún. Cuireadh tús leis an dara babhta comhairliúcháin phoiblí ar na Conairí Iompair Inbhuanaithe i mí an Mhárta 2023 agus bhí tuilleadh comhairliúcháin ar siúl i mí na Samhna 2023. Tá obair mheasúnaithe tionchair theicniúil, chomhshaoil agus iompair ag leanúint ar aghaidh chun pleananna deiridh a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála le haghaidh faomhadh reachtúil. Le haghaidh Tuilleadh eolais féach Cartlann Chorcaí | Busconnects
Maidir le BusConnects Luimnigh, reáchtáil an NTA comhairliúchán poiblí do Líonra Busanna Chathair Chorcaí i mí an Mhárta 2023. Faoi na moltaí, tiocfaidh ardú thart ar 70% ar leibhéal na seirbhísí bus i gcathair Luimnigh agus a bruachbhailte. Cumasófar na leibhéil bhreise seirbhísí trí sheirbhísí bus a shíneadh go ceantair nua, tuilleadh bealaí le seirbhísí rialta, agus clár ama feabhsaithe ar an Domhnach agus bealach nua 24 uair an chloig. Tabharfar athdhearadh an ghréasáin chun críche sna míonna amach romhainn agus cuirfear an gréasán bus nua i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh. Tá t-aistriú sa fhlít bus uirbeach go flít gan astuithe ar siúl mar chuid de BusConnects Luimnigh. Tá sé beartaithe go gcuirfear busanna dhá stór leictreacha isteach i mbun seirbhíse ar sheirbhísí chathair Luimnigh go luath in 2024 agus tá oibreacha ar bun ar na háiseanna luchtaithe ag iosta Bus Luimnigh. Le haghaidh Tuilleadh eolais féach Cartlann Chorcaí | Busconnects
Plean Soghluaisteachta Tuaithe de chuid Éire a Nascadh
Is mórthionscnamh iompair phoiblí é Éire a Nascadh a d’fhorbair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus é mar aidhm aige nascacht a mhéadú, go háirithe do dhaoine a chónaíonn lasmuigh dár gcathracha agus dár mbailte móra. Tá sé mar aidhm ag an bplean feabhas a chur ar shoghluaisteacht i gceantair thuaithe, agus déanfaidh sé é seo trí naisc níos fearr a sholáthar idir sráidbhailte agus bailte trí na ceantair seo a nascadh le líonra réigiúnach feabhsaithe a nascfaidh cathracha agus lárionaid réigiúnacha lena chéile. Tar éis comhairliúcháin phoiblí in 2021, chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair tús le cur i bhfeidhm Chéim 1 i mí Eanáir 2022. Cuireadh tús le Céim 2 in 2023 le seirbhísí feabhsaithe á gcur i bhfeidhm ag Bus Éireann, Nasc Áitiúil TFI agus oibreoirí eile a bhfuiltear ag súil leo sna blianta amach romhainn.
Tá roinnt seirbhísí feabhsaithe agus nua á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm laistigh de chonair iompair an N/M20 lena n-áirítear: Gaillimh – Luimneach – Corcaigh (8); An Caisleán Nua – An Ráth – Gabhal Luimnigh (521); Tairbeart – Cromadh (595), Luimneach – An Ráth (320), Baile Mhistéala – Mala (523), An Ráth – Mala (522), Mala – Mainistir Fhear Maí – Dún Garbhán (9). Le haghaidh tuilleadh eolais féach Éire a Nascadh – Iompar Náisiúnta
Fíor 1.11: Éire a Nascadh, An Ráth – Luimneach (320) Bus
1.6 Comhshaol
Tá an fhoireann comhshaoil i mbun raon ilghnéitheach gníomhaíochtaí faoi láthair a chuimsíonn suirbhéanna allamuigh, idirghníomhaíochtaí leis an bhfoireann deartha agus ullmhú na dtuarascálacha deiridh ar roghanna uile-thionscadail agus earnála.
Ón tuairisc chun dáta don phobal i mí Feabhra 2023, tá an fhoireann comhshaoil ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt faoi shuirbhéanna agus faireachán a bhaineann go sonrach leis an suíomh chun cabhrú leis an dearadh a mhionchoigeartú. Leanann úinéirí talún de rochtain leanúnach ar thailte a sholáthar dúinn dár suirbhéanna siúlóide comhshaoil (cinn éiceolaíochta agus seandálaíochta), ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an aeir, an torainn agus an uisce, le haghaidh imscrúdú suímh (friotaíocht, maighnéadracht, tollphoill taiscéalacha, claiseanna trialacha, sruthchúrsaí agus suirbhéanna topagrafacha). Leanfar leis an obair allamuigh seo le linn Chéim 3 lena chinntiú go bhfuil sonraí láidre ag na foirne comhshaoil chun ár mbearta maolaithe comhshaoil a fhorbairt.
Is cuid lárnach den tionscadal an fhoireann comhshaoil agus tacaíonn siad an próiseas measúnaithe agus cinnteoireachta.
Leanann Foireann an Tionscadail ag déanamh monatóireachta ar athruithe ar na ceanglais reachtaíochta, ar phróisis measúnaithe comhshaoil agus ar threoir lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, ár dtuiscint ar athrú aeráide (go háirithe a riachtanais oiriúnaithe agus maolaithe) agus an gá le bithéagsúlacht a chosaint.
Fíor 1.12: Lógó Uirlis Charbóin TII
Foilseofar an Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta ina iomlán, a thabharfaidh sonraí faoi thorthaí na suirbhéanna agus na measúnuithe seo, agus cuirfear faoi bhráid an Bhoird Phleanála í ag deireadh an phróisis deartha agus faofa.
1.7 Na Chéad Chéimeanna eile
Mar atá leagtha amach sa tuairisc chun dáta seo don phobal, tá conair phríomhlíne mhionchoigeartaithe curtha i láthair ag foireann an tionscadail a laghdaíodh ó 500m go 200m ar leithead. Tá dul chun cinn déanta ar na hacomhail, ar na taobh-bóithre agus ar na bóithre ceangail, rud a fhágann gur féidir na riachtanas talún atá againn a taispeánadh roimhe seo dóibh seo a laghdú. Tá ár n-áiseanna taisteal gníomhach leagtha amach agus leathnaithe a thuilleadh ó 80km go timpeall 100km agus tá ár moil uathúla iompair leagtha amach againn mar phríomhtháirge insoláthartha comhtháite don tionscadal. Chun tacú leis an obair seo, leanamar orainn ag tabhairt faoi ár mbunsuirbhéanna comhshaoil agus monatóireacht.
Leanfaidh foireann an tionscadail ag forbairt agus ag feabhsú dhearadh na príomhlíne, na n-acomhal, na mol iompair, an bhonneagair taistil ghníomhaigh, taobh-bhóithre, an chórais draenála, an tírdhreachaithe, bearta maolaithe comhshaoil agus na n-oibreacha coimhdeacha gaolmhara. Leanfaimid orainn ag dul i dteagmháil le gach úinéir talún a mbaineann sé seo leo le linn an phróisis seo chun a chinntiú go gcoinnítear ar an eolas iad agus déanfaimid iarracht an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tionscadal orthu a íoslaghdú.
Tá sé ar intinn againn tuairiscí chun dáta don phobal a fhoilsiú in R2 agus R4 de 2024 chun na páirtithe leasmhara go léir a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta againn agus faoi dhearadh an tionscadail atá á fhorbairt. Nuair a bheidh an t-aiseolas ar fad agus an mionchoigeartú deiridh ar an tionscadal curtha i gcrích, cuirfear aighneachtaí faoi bhráid na gcomhlachtaí ábhartha chun formheas a lorg chun tús a chur leis an bpróiseas reachtúil.
Leanann foireann an tionscadail ag iarraidh aiseolas a mhealladh agus fáilte ó úinéirí réadmhaoine, ó phobail, ó ghnólachtaí agus ó pháirtithe leasmhara eile lena n-áirítear an fhaisnéis go léir a cuireadh ar fáil san fhoirm aiseolais a eisíodh mar chuid den nuashonrú seo.
Is mór ag foireann an tionscadail an éascaíocht a rinne úinéirí talún agus an pobal dár gcuid oibre leanúnach a éascú agus tá siad buíoch as a gcomhoibriú leis an tionscadal. Is féidir an tuairisc chun dáta nua seo agus sonraí breise faoi na heilimintí atá i mbéal forbartha a fháil ar shuíomh gréasáin ár dtionscadal www.corklimerick.ie agus is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig an tionscadail ar 061 973730 nó info@corklimerick.ie, le haghaidh tuilleadh ceisteanna, nó chun cruinniú a shocrú le foireann idirchaidrimh tionscadail.