View Our Interactive Map →

Beartas Príobháideachais

Beartas Príobháideachais agus Fianán Corklimerick.ie

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tiomanta do phríobháideachas chuairteoirí agus úsáideoirí na seirbhíse www.corklimerick.ie (“corklimerick.ie” nó “láithreán gréasáin”) a chosaint.

Tá achoimre sa ráiteas seo ar ár mbeartas príobháideachais maidir le corklimerick.ie.

  • Réamhrá
  • Cé muid féin?
  • Cén fhaisnéis a bhailímid fút?
  • Cén úsáid a bhainimid as d’fhaisnéis phearsanta?
  • Faisnéis phearsanta a roinntear le tríú páirtithe
  • Sonraí pearsanta a choimeád agus a scriosadh
  • Leasuithe
  • Do chearta
  • Sonraí pearsanta leanaí
  • Fianáin

Réamhrá

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tiomanta do phríobháideachas chuairteoirí agus úsáideoirí na seirbhíse www.corklimerick.ie (“corklimerick.ie” nó “láithreán gréasáin”) a chosaint.

Tá achoimre sa ráiteas seo ar ár mbeartas príobháideachais maidir le corklimerick.ie.

Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais na láithreán gréasáin a bhfuil nasc leo anseo.

Is de réir na gcaighdeán is airde maidir le slándáil agus rúndacht a láimhseálfar an fhaisnéis go léir a chuirfidh tú isteach trí www.corklimerick.ie, agus cloífear go docht leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003, agus leis na dlíthe príobháideachais a bhaineann le RGCS.

Léigh an méid seo a leanas go cúramach. Tríd an láithreán gréasáin seo a oscailt agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta i gcomhréir leis an mbeartas seo, is léiriú é sin go bhfuil an beartas seo léite ag an úsáideoir agus go dtoilíonn sé cloí leis.

Ní mór duit an láithreán gréasáin a dhúnadh láithreach mura nglacann tú leis na téarmaí sin.

Cé muid féin?

Tá corklimerick.ie faoi úinéireacht Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus á fheidhmiú aici.

Sa bheartas seo, tagraíonn “muid” agus “ár” do “corklimerick.ie” nó do “Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh”.

Bíonn feidhm leis an mbeartas seo sa chás ina bhfuilimid ag feidhmiú mar “rialaitheoir sonraí” i ndáil le sonraí pearsanta na gcuairteoirí ar an láithreán gréasáin agus na n‑úsáideoirí seirbhíse, agus is muid a chinneann na cuspóirí agus na modhanna maidir le próiseáil na sonraí pearsanta sin.

Má bhíonn ceisteanna agat maidir leis an gcaoi a ndéanaimid sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a úsáid, nó má bhíonn ceist ar bith eile agat maidir le cúrsaí príobháideachais, déan teagmháil linn ar cheann de na bealaí seo a leanas:

Oifig Thionscadal an N/M20

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Teach Lios an Fháltaigh

Tuar an Daill

Luimneach V94 H5RR

Éire

Fón: +353 61 973730

Seoladh ríomhphoist: info@corklimerick.ie

Más fearr leat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

Oifigeach Cosanta Sonraí

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Ceanncheathrú Corparáideach

Cé na gCeannaithe

Luimneach V94 EH90

Éire

Seoladh ríomhphoist: dataprotectionofficer@limerick.ie

Fón: +353 61 556000

Cén fhaisnéis a bhailímid fút?

Faisnéis phearsanta a bhailímid fút – braithfidh an fhaisnéis sin ar na seirbhísí atá in úsáid agat:

  • Ainm
  • Seoladh
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhir fóin
  • Aitheantas an chuntais ar na meáin shóisialta
  • Aon sainroghanna nó sonraí cúrsa taistil a chabhródh linn rudaí a mholadh duit
  • Sonraí ar do chuid idirghníomhaíochtaí le foireann an tionscadail
  • Seoladh IP
  • Faisnéis ar an ngléas
  • Stair ar an láithreán gréasáin / stair bhrabhsála, lena n‑áirítear sonraí maidir le suíomh
  • Faisnéis maidir le fianáin (tá sonraí le fáil inár mBeartas Fianán)

Ní bhailímid aon fhaisnéis phearsanta fút ar corklimerick.ie gan toiliú soiléir uait.

Bailímid faisnéis phearsanta sna cásanna seo a leanas:

  • Nuair a dhéanann tú teagmháil linn ar chúis ar bith, mar shampla fadhb, gearán nó fadhbanna leis an láithreán gréasáin a thuairisciú
  • Nuair a chomhlánaíonn tú foirm ar líne ar corklimerick.ie
  • Nuair a bhíonn tú ag brabhsáil ar an láithreán gréasáin – féach an rannán maidir le fianáin chun tuilleadh faisnéise a fháil

Cén úsáid a bhainimid as d’fhaisnéis phearsanta?

Ní úsáidtear an fhaisnéis phearsanta a chuirtear ar fáil ar corklimerick.ie ach chun na críocha dá gcuirtear ar fáil í, agus chun na críocha sin amháin.

Tugtar liosta thíos de na catagóirí ginearálta sonraí pearsanta is féidir linn a bhailiú agus a phróiseáil, agus na cuspóirí ar féidir linn na sonraí sin a phróiseáil lena n‑aghaidh.

Faisnéis phearsanta

Cén úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis phearsanta sin?                

Sonraí próifíle” – d’fhéadfaí a chuimsiú le sonraí próifíle d’ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí próifíle chun an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin a chumasú agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid sin.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí próifíle chun ár n‑idirchaidreamh le custaiméirí a bhainistiú agus chun taifid a choinneáil ar theagmháil le custaiméirí.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí próifíle chun ár seirbhísí a sholáthar.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí próifíle chun inneachar a chur in oiriúint do shainroghanna pearsanta.

D’fhéadfaí a chuimsiú le “sonraí úsáide” seoladh IP, suíomh geografach, cineál agus leagan brabhsálaí, córas oibriúcháin, foinse thagartha, fad na cuairte, amhairc leathanaigh, agus bealaí nascleanúna ar an láithreán gréasáin, mar aon le faisnéis maidir le huainiú, minicíocht agus patrún na húsáide seirbhíse.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí úsáide chun anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin agus as seirbhísí.

Is le fianáin a bhailítear sonraí úsáide (féach an rannán maidir le fianáin thíos).

Sonraí foilsithe” – faisnéis a phostálann tú lena foilsiú ar an láithreán gréasáin.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí foilsithe chun an foilsiú sin a chumasú agus chun an láithreán gréasáin agus na seirbhísí a riar.

Sonraí maidir le fógraí ríomhphoist” – faisnéis a chuireann tú ar fáil chun liostáil lenár bhfógraí ríomhphoist agus/nó lenár nuachtlitreacha.

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí maidir le fógraí chun na fógraí agus/nó nuachtlitreacha ábhartha a sheoladh chugat.

“Sonraí comhfhreagrais” – faisnéis in aon chineál cumarsáide a sheolann tú chugainn, nó faisnéis a bhaineann le cumarsáid den sórt sin, amhail foirmeacha aiseolais, foirmeacha teagmhála, nó aon chineál foirme eile a chuirtear isteach ar corklimerick.ie

Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí comhfhreagrais chun teagmháil a dhéanamh leat, chun ár sonraí maidir le hidirchaidrimh le custaiméirí a thabhairt chun dáta, agus ar mhaithe le coimeád taifead.

Faisnéis phearsanta a roinntear le tríú páirtithe

Roinnimid do chuid sonraí le soláthraithe óstála gréasáin chun ár seirbhísí a chur ar fáil.

Gníomhóidh gach tríú páirtí den sórt sin mar rialaitheoir sonraí maidir leis na sonraí a sholáthraímid dó.

Ní dhíolaimid agus ní dhíolfaimid sonraí pearsanta ar bith de do chuid le haon tríú páirtí.

Sonraí pearsanta a choimeád agus a scriosadh

Más mian leat go scriosfaimis sonraí pearsanta atá á gcoimeád againn, seol iarratas chuig info@corklimerick.ie.

Leasuithe

Coimeádann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an ceart aici féin raon feidhme an ráitis príobháideachais a leasú ag am ar bith.

Do chearta

Is iomaí ceart atá agat ar do chuid faisnéise pearsanta agus ar an úsáid a bhaintear aisti. Tá na cearta seo a leanas agat:

  • An ceart go n‑inseofar duit maidir lena ndéanaimid le do chuid faisnéise
  • An cheart do chuid faisnéise a rochtain
  • An ceart cur i gcoinne úsáid do chuid faisnéise ag Limerick.ie, nó srian a chur leis an úsáid sin
  • An ceart do chuid faisnéise pearsanta a scriosadh (mura bhfuil cúis againn í a choimeád)
  • An cheart stop a chur le teachtaireachtaí margaíochta dírí
  • An ceart maidir le hinaistritheacht do chuid faisnéise

Más mian leat iarratas a chur isteach maidir le haon cheann de na cearta atá sonraithe thuas, seol ríomhphost chuig info@corklimerick.ie

Sonraí pearsanta leanaí

Tá corklimerick.ie agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil ann dírithe ar dhaoine atá 16 bliana d’aois agus os a chionn.

Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo, deimhníonn tú go bhfuil tú 16 bliana d’aois nó níos sine

Má tá cúis againn a shíleadh go bhfuil sonraí pearsanta inár mbunachair sonraí againn a bhaineann le duine faoin aois sin, scriosfaimid na sonraí pearsanta sin.

Faisnéis a nuashonrú

Cuir in eolas dúinn más gá na sonraí pearsanta atá againn fút a cheartú nó a nuashonrú ach dul i dteagmháil linn ag info@corklimerick.ie

Fianáin

Úsáidtear fianáin ar an láithreán seo. Téacschomhad beag is ea fianán ar féidir é a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghléas pearsanta, agus tá sonraí ann ar láithreán gréasáin ar ar fhéach tú.

D’fhéadfadh sé cur ar chumas láithreáin gréasáin “cuimhneamh” ar do ghníomhartha nó ar do shainroghanna thar thréimhse ama, nó d’fhéadfadh sonraí a bheith ann a bhaineann le feidhm nó le seachadadh an láithreáin.

Féadfaidh úinéir an láithreáin gréasáin fianáin a shocrú nó, i gcásanna áirithe, seirbhísí tríú páirtí atá ceadaithe ag úinéir an láithreáin gréasáin chun faisnéis a chur i láthair, inneachar a rith, nó feidhmiúlacht eile amhail anailísíocht a sholáthar.

Tá faisnéis eile ar fhianáin le fáil ar: http://ec.europa.eu/ipg/basics/legal/cookies/index_en.htm

Is iondúil go gcuirfidh fianáin feabhas ar an mbrabhsáil. Mar sin féin, b’fhéidir gurbh fhearr leat fianáin a dhíchumasú ar an láithreán seo agus ar láithreáin eile.

An bealach is éifeachtaí chun é sin a dhéanamh is ea fianáin a dhíchumasú i do bhrabhsálaí. Bíonn an modh chun é sin a dhéanamh ag brath ar an mbrabhsálaí a úsáideann tú, agus fiú ar an leagan den bhrabhsálaí. Mar sin féin, is féidir leat teacht ar fhaisnéis chun dáta maidir le fianáin a chosc agus a scriosadh ar na naisc seo a leanas:

(a)      https://support.google.com/chrome/answer/95647?hl=en (Chrome);

(b)      https://support.mozilla.org/en-US/kb/enable-and-disable-cookies-website-preferences (Firefox);

(c)      http://www.opera.com/help/tutorials/security/cookies/ (Opera);

(d)      https://support.microsoft.com/en-gb/help/17442/windows-internet-explorer-delete-manage-cookies (Internet Explorer);

(e)      https://support.apple.com/kb/PH21411 (Safari); agus

(f)      https://privacy.microsoft.com/en-us/windows-10-microsoft-edge-and-privacy (Edge).