View Our Interactive Map →

Réamhrá

Is príomhghné é Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach de Thionscadal Éireann 2040, straitéis uileghabhálach fhadtéarmach an Rialtais chun tír níos fearr a dhéanamh d’Éirinn do gach duine a chónaíonn ann. Cuimsítear leis an Straitéis an Creat Náisiúnta Pleanála go dtí 2040 agus an Plean Forbartha Náisiúnta, 2018-2027.

Aithnítear sa Creat agus sa Phlean araon go gcuirfidh inrochtaineacht fheabhsaithe idir ionaid daonra uirbeacha agus na réigiúin mórthimpeall orthu go mór leis an bhforbairt réigiúnach chothrom.

Leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta go gcuirfeadh scéim an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach lúdracht níos fearr ar fáil idir an dara agus an tríú cathair is mó in Éirinn trí fheabhas a chur ar cháilíocht an ghréasáin iompair, rud a rachaidh i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta a bhaineann leis an mbealach N20 atá ann cheana féin, agus a dhéanfadh soláthar d’amanna turais níos sábháilte agus níos éifeachtaí.

Tá Corcaigh agus Luimneach ar an dara agus ar an tríú lárionad daonra agus gníomhaíochta geilleagraí is mó sa tír. In ainneoin nach bhfuil ach thart ar 100 km idir lár na gcathracha, is beag nasc eacnamaíoch atá idir an dá chathair.

Cuireann drochlúdracht bac ar fhás an gheilleagair réigiúnaigh agus ar iarrachtaí rogha eile in ionad Bhaile Átha Cliath a éascú. Tá sé léirithe sa Chreat Náisiúnta Pleanála go bhféadfaí go dtiocfadh méadú 50% ar an daonra i gCorcaigh agus i Luimneach araon agus tá an gá le lúdracht níos fearr ar fud na tíre ina bhonn eolais le haghaidh Thionscadal 2040, agus aithníodh naisc idir Corcaigh agus Luimneach mar thosaíocht.

Stair an Tionscadail

Aithníodh an gá le feabhsúcháin ar an N20 sa Staidéar Náisiúnta ar Riachtanais Bóithre in 1998. Luadh ansin é mar chuspóir Rialtais sa Straitéis Spáis Náisiúnta in 2002, agus cuireadh sa Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000-2006, é ina dhiaidh sin. Coimisiúnaíodh staidéar in 2008 chun rogha conaire bealaigh a aithint le haghaidh carrbhealach uasghrádaithe idir Corcaigh agus Luimneach.

Cuireadh Scéim Mhótarbhealach an M20 ó Chorcaigh go Luimneach trí na céimeanna pleanála agus dearaidh, agus cuireadh an scéim faoi bhráid an Bhoird Pleanála in 2010 chun faomhadh pleanála reachtúil a fháil. Reáchtáladh éisteacht ó bhéal in 2010, ach tarraingíodh siar an tionscadal in 2011 roimh don Bhord Pleanála cinneadh a dhéanamh mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta.

Ó cuireadh an scéim sin isteach le faomhadh pleanála a fháil in 2010, tá athrú tagtha ar na critéir mheasúnaithe le haghaidh scéimeanna a phleanáil agus a fhorbairt, agus tá athrú tagtha freisin ar an mbeartas Eorpach agus náisiúnta, ar an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol, agus ar na ceanglais i ndáil le breithmheas eacnamaíochta agus dearadh bonneagair bóithre. Cuimsítear iad seo a leanas leis na hathruithe sin:

  • Foilsíodh Tionscadal Éireann 2040, an Creat Náisiúnta Pleanála, agus an Plean Forbartha Náisiúnta, 2018-2027
  • Foilsíodh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2019
  • Nuashonruithe ar an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta
  • D’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an Cód Caiteachais Phoiblí
  • Nuashonraíodh an Comhchreat Breithmheasa de chuid na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
  • Nuashonruithe ar na Treoirlínte Idirnáisiúnta maidir le measúnú ar an tionchar ar an tírdhreach agus ar an tionchar físiúil, ar thorann agus ar an tionchar éiceolaíoch
  • Nuashonruithe ar na Treoirlínte Náisiúnta a bhaineann le measúnú oiriúnachta, agus le tuarascálacha ar an tionchar ar ithreacha, ar an ngeolaíocht, ar an hidrigeolaíocht agus ar an timpeallacht
  • Nuashonruithe ar threoir ó Bhonneagar Iompair Éireann maidir le cáilíocht an aeir, cóireáil an tírdhreacha, suirbhéireacht aircéa-gheoifisiceach, suirbhéireacht ar scréachóga reilige, agus bainistiú dramhaíola

Tá an scéim á breithmheas ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus ag a comhpháirtithe i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha, agus ceanglais agus caighdeáin bhreithmheasa, as a dtiocfaidh an rogha iompair is fearr chun cinn tar éis measúnú cuimsitheach ar gach rogha fhéideartha iompair agus scéime.

Prionsabail an Tionscadail & an Próiseas Breithmheasa

Tá Scéim Feabhsúcháin an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach á forbairt ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Bonneagar Iompair Éireann, agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Cheap Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, ina cáil mar phríomhúdarás, Barry Transportation agus a chomhpháirtithe tionscadail Sweco agus WSP (BSW) mar Shainchomhairleoirí Teicniúla chun dul chun cinn a dhéanamh ar an bpleanáil agus an dearadh don scéim.

Faoin scéim, soláthróidh BSW seirbhísí pleanála agus dearaidh le haghaidh nasc iompair ardchaighdeáin idir Corcaigh agus Luimneach. Tionscadal suaitheanta atá ann do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus dá comhpháirtithe, agus tá an-bhéim ar an teicneolaíocht le haghaidh gach gné d’fhorbairt an tionscadail agus den fheidhmiú amach anseo.

Ceapadh BSW in Aibreán 2019 chun dul chun cinn a dhéanamh ar an scéim ó Chéim 1 go Céim 4 de Threoirlínte Bainistíochta Tionscadal Bhonneagar Iompair Éireann mar atá léirithe thíos. Soláthraítear creat sna treoirlínte seo le haghaidh cur chuige céimnithe i ndáil le bainistiú fhorbairt agus sheachadadh na dTionscadal Caipitiúil maidir le Bóithre Náisiúnta agus Tionscadail Chaipitiúla.

  • Céim 1 (Coincheap agus Féidearthacht)
  • Céim 2 (Roghnú Roghanna)
  • Céim 3 (Dearadh agus Measúnú Timpeallachta)
  • Céim 4 (Próisis reachtúla, lena n‑áirítear éisteacht ó bhéal de chuid an Bhoird Pleanála)

Is iad seo a leanas na chéad chéimeanna eile sna treoirlínte bainistíochta tionscadal le haghaidh scéim a bhfuil faomhadh pleanála faighte aici ón mBord Pleanála:

  • Céim 5 (Cumasúchán agus Soláthar)
  • Céim 6 (Tógáil agus Cur i bhFeidhm)
  • Céim 7 (Cur i gCrích agus Athbhreithniú)