View Our Interactive Map →

Céimeanna amach anseo

Céim 3 (Dearadh agus Measúnú Timpeallachta)

Is é is cuspóir le Céim 3 dearadh na rogha is fearr a fhorbairt go céim ina bhforbrófar leibhéil imleora sonraí chun na riachtanais talún a leagan amach agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar féideartha na scéime ar an timpeallacht. Ina theannta sin, is i gCéim 3 a shocraítear na Próisis Reachtúla agus na riachtanais suirbhéireachta chun an dearadh a fhorbairt. Cuimsítear leis na príomhtháirgí insoláthartha i gCéim 3 an Tuarascáil Dearaidh, Tuarascálacha ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta, Doiciméid maidir leis an bPróiseas Reachtúil (mar aon le líníochtaí agus sceidil ábhartha) agus an Reamh-Chás Gnó.

Céim 4 (Próisis reachtúla)

Is é is cuspóir le Céim 4 doiciméid a chur le chéile agus páirt a ghlacadh in éisteacht(aí) ó bhéal faoi mar a cheanglaítear leis na Próisis Reachtúla lena chinntiú go ndéantar an tionscadal beartaithe a fhorbairt i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le pleanáil agus leis an gcomhshaol agus le reachtaíocht ábhartha eile. Cuirtear na doiciméid phleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála a éascaíonn éisteacht ó bhéal chun deis a thabhairt dóibh siúd atá ar son nó i gcoinne na scéime beartaithe a dtuairimí a chur in iúl. Tar éis na héisteachta ó bhéal, féadfaidh an Bord Pleanála scéim a fhaomhadh, a fhaomhadh le coinníollacha, nó diúltú do scéim.

Is iad seo a leanas na chéad chéimeanna eile le haghaidh scéim a bhfuil faomhadh pleanála faighte aici ón mBord Pleanála:

Céim 5 (Cumasúchán agus Soláthar)

Is é is cuspóir le Céim 5 doiciméid tairisceana a chur le chéile chun Conraitheoir a cheapadh leis an bpríomhchonradh agus aon oibreacha cumasúcháin a chur i gcrích. Cuimsítear leis na príomhtháirgí insoláthartha do Chéim 5 Nóta Mionsonraithe faoin Tionscadal, an Straitéis Soláthair, agus an Cás Gnó Deiridh.

Céim 6 (Tógáil agus Cur i bhFeidhm)

Is é is cuspóir le Céim 6 an Príomhchonradh a riar agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dearadh, leis an tsonraíocht, le caighdeáin ábhartha, agus leis an reachtaíocht. Is iad bainistíocht costais, rioscaí agus luacha na comhpháirteanna is tábhachtaí i gCéim 6. Is iad na Tuarascálacha Monatóireachta na príomhtháirgí insoláthartha i gCéim 6.

Céim 7 (Cur i gCrích agus Athbhreithniú)

Is é is cuspóir le Céim 7 na saincheisteanna conartha agus na saincheisteanna eile atá ann i gcónaí a bhaineann leis an tionscadal a réiteach. Ar an gcaoi sin, cuirfear an chéim thógála i gcrích agus cuirfear tús leis an athbhreithniú ar an tionscadal le fáil amach cé hiad na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim lena gcur i bhfeidhm i dtionscadail eile amach anseo. Cuimsítear leis na príomhtháirgí insoláthartha do Chéim 7 Tuarascáil maidir le Cur i gCrích an Tionscadail agus Meastóireacht Ex-Post.

Figure 11