View Our Interactive Map →

Cuspóirí an Tionscadail

Tá na cuspóirí tionscadail don N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach forbartha ag foireann an tionscadail. Socraíodh na cuspóirí tionscadail tar éis athbhreithniú ar na fadhbanna agus ar na deiseanna ar na gréasáin iompair idir Corcaigh agus Luimneach, mar aon le beartais agus pleananna sonracha don réigiún.

Is é seo a leanas cuspóir uileghabhálach an tionscadail:

Beartais phleanála náisiúnta agus réigiúnacha, go háirithe na beartais sin lena dtacaítear leis na Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta sa Chreat Náisiúnta Pleanála, a chumasú le forbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn trí fhás níos mó ar an daonra agus ar an ngeilleagar.

Bainfear amach an cuspóir sin trí fheabhas a chur ar an lúdracht idir cathair Chorcaí agus cathair Luimnigh, agus cathair na Gaillimhe ar deireadh, mar seo a leanas:

  • gluaiseacht shábháilte éifeachtúil daoine, earraí agus seirbhísí ar an ngréasán iompair a éascú, san am i láthair agus amach anseo
  • laghdú ar amanna aistir iompair de thalamh
  • iontaofacht níos fearr maidir le hamanna aistir

Sa bhreithmheas ar chásanna iompair mar atá riachtanach faoin gComhchreat Breithmheasa do Thionscadail agus do Chláir Iompair atá foilsithe ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (2016), ní mór Anailís Ilchritéar a dhéanamh bunaithe ar shé chritéar:

  • Sábháilteacht
  • Geilleagar
  • Timpeallacht
  • Inrochtaineacht agus Cuimsiú Sóisialta
  • Comhtháthú
  • Gníomhaíocht Choirp

Forbraíodh sainchuspóirí a bhaineann leis na critéir thuas lena n‑úsáid sa phróiseas breithmheasa, agus léirítear an cuspóir uileghabhálach iontu sin. Tá na cuspóirí sin leagtha amach anseo thíos:

Sábháilteacht

  • Dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre trí líon agus tromchúise na dtimpistí ar an ngréasán bóithre a laghdú, lena n‑áirítear iad sin ar bhealach an N20 mar atá anois ann, trí chaighdeán bóthair cuí a sholáthar.
  • Tacú leis an Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre trí chaighdeán sábháilte comhsheasmhach a sholáthar le haghaidh bóithre níos fearr.
  • Tacú le soláthar limistéir seirbhíse le haghaidh sosanna scíthe idir Corcaigh agus Luimneach.

Geilleagar

  • Cloí leis an gcuspóir sa Chreat Náisiúnta Pleanála maidir le feabhas a chur ar an lúdracht réigiúnach ar bhóthar idir Corcaigh agus Luimneach chun meánluasanna aistir de 90 km san uair agus am aistir iomaíoch idir na cathracha a bhaint amach.
  • Feabhas a chur ar iontaofacht an ama aistir d’úsáideoirí bóithre atá ag taisteal idir Corcaigh agus Luimneach.
  • Deiseanna a chur ar fáil chun an geilleagar réigiúnach a fhás agus chun feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht gheilleagrach trí naisc iompair níos fearr a chruthú idir Corcaigh agus Luimneach agus i gConair Gheilleagrach an Atlantaigh trí chéile.
  • Fás an daonra a éascú i gCorcaigh agus i Luimneach mar atá beartaithe sa Chreat Náisiúnta Pleanála.

Timpeallacht

  • Feabhas a chur ar an timpeallacht i dtéarmaí torainn agus cháilíocht an aeir sna lonnaíochtaí feadh na conaire tríd an tréthrácht a laghdú.
  • A chinntiú go gcuirtear san áireamh prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus bearta chun éifeachtaí ar an timpeallacht a laghdú an oiread is féidir.
  • A chinntiú nach ndéanfaidh an scéim díobháil ar bith do shláine na gcuspóirí caomhnaithe do láithreáin Eorpacha.

Inrochtaineacht agus Cuimsiú Sóisialta

  • Feabhas a chur ar an rochtain d’úsáideoirí bóithre, go háirithe úsáideoirí gan inneall agus úsáideoirí i limistéir dhíothacha, ar áiseanna ríthábhachtacha amhail fostaíocht, oideachas agus cúram sláinte.
  • Deiseanna a éascú chun feabhas a chur ar amanna aistir agus ar an iontaofacht i gcás aistir ar iompar poiblí.

Comhtháthú

  • Tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe trí rochtain chuí a sholáthar agus trí chloí le prionsabail an dlúthfháis uirbigh.
  • Lúdracht ardchaighdeáin a chur ar fáil leis na haerfoirt agus na calafoirt sa réigiún.
  • An lúdracht a éascú le hacomhail iompair phoiblí.

Gníomhaíocht Choirp

  • Deiseanna áitiúla a chumasú le haghaidh na siúlóide agus na rothaíochta sna pobail mar thoradh ar leibhéil tráchta níos lú faoin scéim.
  • Feabhas ar an réimse uirbeach i mbailte agus i sráidbhailte a éascú.