View Our Interactive Map →

Tuairisc chun dáta maidir leis an scéim

Feabhra 2020

Díríodh san obair go dtí seo ar iniúchadh a dhéanamh ar réitigh éagsúla bhótharbhunaithe agus iarnród-bhunaithe chun feabhas a chur ar na naisc iompair idir Corcaigh agus Luimneach. Bíodh is go bhfuil sé d’acmhainneacht ag na réitigh bhótharbhunaithe go léir feabhas a chur ar an lúdracht, baineadh de thátal as an obair bhreithmheasa go léir gur fearr ar an iomlán a fheidhmeoidh bóthar i gconair leathan an N20 tríd an Ráth agus Mala i dtéarmaí chuspóirí an tionscadail, agus tá an rogha sin ar an réiteach bótharbhunaithe is fearr. Maidir leis na réitigh iarnród-bhunaithe lena mbaineann minicíocht fheabhsaithe seirbhíse le seirbhísí trí Ghabhal Luimnigh nó trí líne dhíreach nua a thógáil idir an Ráth agus Luimneach, aithníodh na réitigh sin do bhreithmheas níos mó sa chéad chéim eile den obair.

Tá an-tábhacht le Céim 1 mar sainmhínítear ann an coincheap don scéim atá le forbairt agus deimhnítear ann go bhféadfaí cuspóirí an tionscadail a bhaint amach. Bhain foireann an tionscadail úsáid as breithmheas bunaithe ar chuspóirí chun breithniú a dhéanamh ar roinnt réitigh straitéiseacha ardleibhéil chun feabhas a chur ar chúrsaí iompair a d’fhéadfadh dul i ngleic le fadhbanna atá ann cheana féin agus le fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sa ghréasán idir Corcaigh agus Luimneach. Ceapadh na cuspóirí trí na heasnaimh sa ghréasán atá ann cheana féin a shainiú, go háirithe príomhbhealach náisiúnta an N20 ar carrbhealach singil é den chuid is mó.  Is ábhar imní ar leith iad an toilleadh bealaigh, brú tráchta seasta i limistéir uirbeacha, agus líon mór drochthimpistí roimhe seo.

Réitigh bhótharbhunaithe

Aithníodh seacht gcinn de réitigh bunaithe ar bhóthar nua ardchaighdeáin a sholáthar idir eochairnóid i gCorcaigh (an N20 ag an mBlarna agus an N25 ag Dún Citil) agus i Luimneach (an M20 ag Tobar Phádraig agus an N24 ag Béal Átha Síomoin). Baintear úsáid i roinnt de na cásanna as codanna de mhótarbhealach an M8 atá ann cheana féin ó thuaidh ó Dhún Citil. Tá na cásanna go léir bunaithe ar an ngréasán bóithre reatha a chaomhnú chun rochtain áitiúil ar phobail a chur ar fáil.  Thógfaí acomhail ilairde feadh an bhealaigh nua chun rochtain straitéiseach agus acomhail leis an ngréasán bóithre áitiúla a sholáthar.  Léirítear na seacht réiteach bhótharbhunaithe i bhFíor 1 go 7 anseo thíos.

Fíor 1: Réiteach Bótharbhunaithe A (bealach nua i gconair an N24 ón gCathair go Béal Átha Síomoin)

Fíor 2: Réiteach Bótharbhunaithe B (bealach nua i gconair an R513 ón M8 ag Baile Mhistéala go Béal Átha Síomoin)

Fíor 3: Réiteach Bótharbhunaithe C (bealach nua i gconairí an R512 agus an N20 ón M8 ag Baile Mhistéala go Tobar Phádraig)

Fíor 4: Réiteach Bótharbhunaithe D (bealach nua i gconair an N20 ón mBlarna go Tobar Phádraig)

Fíor 5: Réiteach Bótharbhunaithe E (bealach nua i gconairí an N72 agus an N20 ó Mhainistir Fhear Maí go Tobar Phádraig)

Fíor 6: Réiteach Bótharbhunaithe F (bealach nua i gconairí an N20, an R513 agus an N24 ón mBlarna go Béal Átha Síomoin le craobhlíne chuig an M8 ag Baile Mhistéala)

Fíor 7: Réiteach Bótharbhunaithe G (bealach nua i gconairí an R513 agus an N24 ó Bhaile Mhistéala go Béal Átha Síomoin)

Baineadh úsáid as an tSamhail Náisiúnta Iompair chun an leibhéal iompair a d’aistreodh chuig gach ceann de na réitigh bhótharbhunaithe a thuar, rud a laghdódh an brú tráchta sna limistéir uirbeacha ina bhfuil tionchair an tréthráchta ar an timpeallacht le sonrú. Is féidir an feabhas a thiocfadh ar an am aistir idir Corcaigh agus Luimneach a thuar leis an samhaltú freisin. Is príomh-mhéadrach é sin chun feidhmíocht na réiteach a dhearbhú, go háirithe maidir leis na deiseanna eacnamaíocha a chruthófar trí nasc a chruthú go héifeachtach idir an dá chathair.

Rinneadh feidhmíocht gach réitigh bhótharbhunaithe a bhreithmheas le hAnailís Ilchritéar i ndáil leis na 17 gcuspóir tionscadail atá liostaithe faoi na Cuspóirí Tionscadail chun teacht ar an réiteach bótharbhunaithe is fearr a fheidhmeoidh.  Tá creat na hanailíse sin agus míniú breise ar na modhanna a úsáidtear leagtha amach i Nóta Teicniúil 1: Anailís Ilchritéar i gCéim 1

Bíodh is go bhfuil sé d’acmhainneacht ag na réitigh bhótharbhunaithe go léir feabhas a chur ar an lúdracht idir Corcaigh agus Luimneach, baineadh de thátal as an mbreithmheas gur fearr ar an iomlán a fheidhmeoidh an bóthar i gconair an N20 (Réiteach D) i dtéarmaí chuspóirí an tionscadail, agus tá an rogha sin ar an réiteach bótharbhunaithe is fearr.

Deimhnítear le torthaí an bhreithmheasa go ndéanfar na nithe seo a leanas leis an réiteach bótharbhunaithe i gconair an N20 (Réiteach D):

  • is é an réiteach seo is mó a laghdóidh amanna aistir idir Corcaigh agus Luimneach
  • d’fhéadfadh an réiteach seo an laghdú ba mhó a bhaint amach ar thimpistí bóthair ar fud an ghréasáin
  • thiocfadh feabhas ar amanna agus ar iontaofacht na seirbhíse iompair phoiblí, agus bheadh an deis ann an bealach nua a úsáid le haghaidh seirbhísí mearbhus idir cathracha
  • is leis an réiteach seo is mó a aistreofar an trácht ón ngréasán bóithre reatha chuig an réiteach nua
  • is leis an réiteach seo is mó a laghdaítear an brú tráchta i mbailte agus i sráidbhailte
  • tiocfaidh mórathrú ar an lúdracht idir Corcaigh agus Luimneach, agus tiocfaidh feabhas ar an lúdracht freisin do na bailte réigiúnacha feadh na conaire
  • beidh deiseanna ann Conair Gheilleagrach an Atlantaigh a fhás trí fheabhas a chur ar na naisc chuig iarthar Chorcaí agus chuig Ciarraí
  • beidh deiseanna maithe ann chun naisc a chruthú le hacomhail iompair phoiblí atá ann cheana féin nó atá beartaithe
  • cuirfear deiseanna ar fáil le haghaidh na siúlóide agus na rothaíochta i mbailte agus i sráidbhailte mar thoradh ar leibhéil tráchta níos lú

Tabharfar an réiteach bótharbhunaithe is fearr ar aghaidh chuig Céim 2 – Roghnú Rogha. 

Ceanglaítear leis an gCód Caiteachais Phoiblí breithniú a dhéanamh ar gach rogha fhéideartha lena n‑áirítear roghanna iompair phoiblí. Déantar iompar poiblí bótharbhunaithe, lena n‑áirítear busanna, a bhreithniú mar chuid de na réitigh bhótharbhunaithe. Déantar an t‑iompar poiblí ar iarnród a bhreithniú leis na réitigh iarnród-bhunaithe seo a leanas.

Réitigh iarnród-bhunaithe

Is ann do dhá réiteach iarnród-bhunaithe atá léirithe i bhFíor 8 agus i bhFíor 9 agus a bhfuil cur síos orthu thíos.

Fíor 8: Réiteach iarnród-bhunaithe 1 (an líne iarnróid atá ann cheana féin idir Corcaigh agus Luimneach)

Réiteach iarnród-bhunaithe 1 – an líne iarnróid atá ann cheana féin idir Corcaigh agus Luimneach – moltar sa réiteach seo minicíocht na seirbhísí traenach idir Corcaigh agus Luimneach a mhéadú faoi dhó gach leathuair an chloig trí sheirbhís dhíreach nua a thabhairt isteach ar na línte atá ann cheana féin a fhágfaidh Corcaigh 30 nóiméad tar éis na traenach go Baile Átha Cliath agus a stopfaidh ag Acomhal Luimnigh le haistriú go Luimneach mar a dhéantar faoi láthair. Mar thoradh ar na hoibreacha ag Acomhal Luimnigh a cuireadh i gcrích le déanaí, bheadh an tseirbhís dhíreach in ann dul tríd an acomhal ar an leibhéal céanna gan cur isteach ar sheirbhís ar bith eile. Stopfadh an tseirbhís nua ag Mala, an Ráth, agus Acomhal Luimnigh, ach ní bheadh ar phaisinéirí athrú chuig traein eile ag Acomhal Luimnigh faoi mar a dhéanann siad faoi láthair.

Fíor 9: Réiteach iarnród-bhunaithe 2 (líne iarnróid nua idir an Ráth agus Luimneach)

Réiteach iarnród-bhunaithe 2 – líne iarnróid nua idir an Ráth agus Luimneach – sholáthrófaí faoin réiteach seo nasc iarnróid nua idir an Ráth agus Luimneach. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann seirbhís nua a thabhairt isteach a d’fhágfadh Corcaigh ag leathuair tar éis na huaire agus a rachadh chomh fada le Luimneach ar an líne iarnróid reatha idir Corcaigh agus an Ráth agus ar an líne nua atá beartaithe idir an Ráth agus Luimneach ina dhiaidh sin. D’fhéadfaí an líne nua a nascadh leis an líne reatha idir Luimneach agus Baile Átha Cliath lasmuigh de limistéar uirbeach Luimnigh chun leas a bhaint as an líne atá ann cheana féin isteach go stáisiún Luimnigh. Bheadh idirstadanna ag an tseirbhís nua ag Mala agus ag an Ráth.

Tabharfar an dá réiteach iarnród-bhunaithe ar aghaidh chuig Céim 2 – Roghnú Rogha.